Is cóiriú ar dhúile de réir méid na huimhreach adamhaí é an Tábla Peiriadach.[1] ar a dtugtar tábla peiriadach Meindeiléiv uaireanta (nó clár peiriadach na ndúl[2]).
Struchtúr
Cuirtear na dúile in ord de réir a struchtúir leictreonaigh, agus na saintréithe ceimiceacha agus fisiceacha ag athrú go rialta trasna an tábla. Liostáiltear gach dúil de réir a huimhreach adamhaí agus a siombaile ceimicí.Tá na dúile leagtha amach air ina sraitheanna cothrománacha (tréimhsí) de réir a n-uimhreacha adamhacha (arb ionann iad sin is a n-oiread prótón), agus ina gcolúin cheartingearacha mar ghrúpaí gaolmhara.
De ghnáth, dáiltear bosca ar gach dúil ann, mar seo:
1 uimhir adamhach
H siombail
hidrigin ainm
1.00797 mais adamhach
Stair
Ba é an t-eolaí Dmítrí Meindeiléiv a chuir an chéad bhun leis an tábla peiriadach seo sa bhliain 1869. San am sin, ní raibh eolas ag na daoine go fóill ar struchtúr inmheánach an adaimh, agus mar sin, ní raibh de bhunús ag Meindeiléiv leis an tábla seo ach an meáchan adamhach.
Ós rud é nach ionann i gcónaí ordú na ndúl de réir na huimhreach adamhaí agus de réir an mheáchain adamhaigh, b'éigean do mo dhuine ordú dhá dhúil i ndiaidh a chéile a athrú uaireanta.
Is é an míniú a bhí aige ná nach raibh meáchain adamhacha na ndúl tomhaiste go cruinn go fóill.
Cé go raibh níos mó ná cuid den cheart ann aige ansin, is é an tuiscint atá againn inniu ar an scéal seo ná gurbh é líon na bprótón i núicléas an adaimh a insíonn, cé acu dúil lena mbaineann an t-adamh sin, seachas an meáchan adamhach.
Mar sin féin, bhí Meindeiléiv in ann tátail thábhachtacha a bhaint as a leagan féin de thábla peiriadach na ndúl, nó thuar sé go raibh dúile áirithe ann, i bhfad sular tháinig na heolaithe turgnamhacha trasna orthu.
Cód datha do na huimhreacha adamhacha:
- is leachtanna iad na dúile a bhfuil dath gorm orthu le teocht chaighdeánach agus faoi bhrú caighdeánach (TBC);
- is gáis iad ag TBC na cinn a bhfuil dath uaine orthu;
- is solaid iad ag TBC na cinn a bhfuil dath dubh orthu;
- is dúile sintéiseacha iad na cinn a bhfuil dath dearg orthu (tá siad go léir ina solaid ag TBC);
- agus na dúile a bhfuil dath liath orthu, is dúile iad nár fionnadh go fóill (ina theannta sin tá miondath ar bhoscaí na ndúl seo le taispeáint cén grúpa is dual dóibh, más ann dóibh).
Cód datha
Grúpa → | 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 | 9 | 10 | 11 | 12 | 13 | 14 | 15 | 16 | 17 | 18 | ||
Peiriad ↓ | ||||||||||||||||||||
1 | 1 H |
2 He |
||||||||||||||||||
2 | 3 Li |
4 Be |
5 B |
6 C |
7 N |
8 O |
9 F |
10 Ne |
||||||||||||
3 | 11 Na |
12 Mg |
13 Al |
14 Si |
15 P |
16 S |
17 Cl |
18 Ar |
||||||||||||
4 | 19 K |
20 Ca |
21 Sc |
22 Ti |
23 V |
24 Cr |
25 Mn |
26 Fe |
27 Co |
28 Ni |
29 Cu |
30 Zn |
31 Ga |
32 Ge |
33 As |
34 Se |
35 Br |
36 Kr |
||
5 | 37 Rb |
38 Sr |
39 Y |
40 Zr |
41 Nb |
42 Mo |
43 Tc |
44 Ru |
45 Rh |
46 Pd |
47 Ag |
48 Cd |
49 In |
50 Sn |
51 Sb |
52 Te |
53 I |
54 Xe |
||
6 | 55 Cs |
56 Ba |
* |
72 Hf |
73 Ta |
74 W |
75 Re |
76 Os |
77 Ir |
78 Pt |
79 Au |
80 Hg |
81 Tl |
82 Pb |
83 Bi |
84 Po |
85 At |
86 Rn |
||
7 | 87 Fr |
88 Ra |
* |
** |
104 Rf |
105 Db |
106 Sg |
107 Bh |
108 Hs |
109 Mt |
110 Ds |
111 Rg |
112 Cn |
113 Nh |
114 Fl |
115 Mc |
116 Lv |
117 Ts |
118 Og |
|
* Lantanóidigh | 57 La |
58 Ce |
59 Pr |
60 Nd |
61 Pm |
62 Sm |
63 Eu |
64 Gd |
65 Tb |
66 Dy |
67 Ho |
68 Er |
69 Tm |
70 Yb |
71 Lu |
|||||
** Achtainídí | 89 Ac |
90 Th |
91 Pa |
92 U |
93 Np |
94 Pu |
95 Am |
96 Cm |
97 Bk |
98 Cf |
99 Es |
100 Fm |
101 Md |
102 No |
103 Lr |
Miotail alcaile | Miotail chré-alcaileacha | Lantanóidigh | Achtainídí | Miotail trasdultacha |
Miotail iarthrasdultacha | MiotalóideachAchtanóidighMiotalóidigh | Neamh-mhiotail | Halaiginí | Triathgháis |
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.