From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an gadailiniam[1] dúil uimhir a 64, agus Gd an giorrúchán a fheictear sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na lantanóidigh é. Fuair sé a ainm ón gceimiceoir Fionlannach Johan Gadolin, a raibh an-ról aige i dtaighde ceannródaíoch na miotal tearc-chré. Ba é an ceimiceoir Francach Paul Émile François Lecoq de Boisbaudran ba thúisce a d'aonraigh ocsaíd an ghadailiniam ó ocsaídí na lantanóideach eile, thiar sa bhliain 1886, ach ní rabhthas ábalta an miotal féin a aonrú ach le déanaí. Tá an gadailiniam in ann radaíocht neodrón a stopadh go héifeachtach, agus mar sin, úsáidtear mar sainsciath chosanta in aghaidh neodrón é. Úsáidtear gadailiniam san íomháú athshondais mhaighnéadaigh, teicníocht déanta íomhánna a cheadaíonn do na dochtúirí taighde a dhéanamh ar struchtúr inmheánach an choirp gan dul i dtuilleamaí radaíochta.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
---|---|
Gadailiniam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Gd |
Uimhir adamhach | 64 |
Mais adamhach | 157.249 agus 157.25 |
Peiriad, Grúpa | lantanóidigh peiread 6 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1.2 |
Ga ianach | 0.94 agus 1.05 |
Stair | |
Aimsitheoir | Jean Charles Galissard de Marignac |
Fionnachtain | 1880 |
Eapainm | Johan Gadolin |
Is é +III an staid ocsaídiúcháin is dual don ghadailiniam ina chuid comhdhúl. Mar sin, is lantanóideach tipiciúil é.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.