From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an t-argón dúil cheimiceach uimhir a 18, agus is é an tsiombail cheimiceach atá aige ná Ar. Is triathghás é, agus é i bhfad níos coitianta sa dúlra ná na triathgháis eile, nó is é an céatadán atá aige ná 0.934 % den atmaisféar (de réir na toirte, níos mó ná a haon faoin gcéad de réir an mheáchain). Mar is dual do na triathgháis, tá ochtréad iomlán de leictreoin ar an sceall is faide amuigh aige, rud a chiallaíonn nach bhfuil gá aige le himoibriú a dhéanamh ná naisc a cheangal leis na dúile eile. Is féidir dul i dtuilleamaí an fhluairín le comhdhúile argóin a chruthú, ach bíonn na comhdhúile seo an-éagobhsaí. Tugann áirimh theoriciúla le fios gur chóir go mbeadh comhdhúile áirithe ag an argón a bheadh cobhsaí, fiú le gnáth-theocht an tseomra, ach níor éirigh le haon cheimiceoir na comhdhúile teoiriciúla seo a shintéisiú. Úsáidtear teocht tríphointe an argóin (83.8058 K) mar chaighdeán ar scála idirnáisiúnta na teochta ón mbliain 1990 i leith.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach, gás agus atmophile element (en) |
---|---|
Argón sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Ar |
Uimhir adamhach | 18 |
Mais adamhach | 39.95 |
Cumraíocht leictreon | 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ agus [Ne] 3s² 3p⁶ |
Peiriad, Grúpa | peiread 3 triathgháis |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leáphointe | −189.34 |
Fiuchphointe | −185.85 |
Stair | |
Aimsitheoir | William Ramsay agus An Tiarna Rayleigh |
Fionnachtain | 1894 |
Eapainm | leisciúlacht |
Tá trí iseatóp cobhsaí ag an argón, mar atá, 40Ar (99.604 % d'argón an dúlra), 38Ar (0.063 %), agus 36Ar (0.334 %). Is toradh do bheite-mheath radaighníomhach an iseatóip úd 40K den photaisiam é an t-iseatóp is coitianta de chuid an argóin.
Baintear úsáid as argón i bhfoirm leachta i gcrió-mháinliacht - is é sin, cuisnítear na cealla ailse le hargón fuar. Is é an t-argón an triathghás is coitianta agus an ceann is saoire, nó faightear mar sheachthoradh é nuair a bhítear ag scaradh na nítrigine agus na hocsaigine le chéile. Mar sin, is é an triathghás is mó a úsáidtear, fiú le freastal ar riachtanaisí a mbeadh triathghás éigin eile ní b'fhóirsteanaí dóibh.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.