Sinc
From Wikipedia, the free encyclopedia
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an tsinc dúil cheimiceach uimhir a 30, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aici ná Zn. Miotal bánghorm nó geal liath is ea sinc, fairsing i screamh an domhain agus is iomaí úsáid a bhaintear aisti sa teicneolaíocht agus sa tionsclaíocht. Úsáidtear go minic i gcóimhiotail í (galbhánaítear iarann trí é a thumadh i sinc leachtaithe nó a leictreaphlátáil le sinc).[1]
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach, simple substance (en) agus chalcophile element (en) |
---|---|
Sinc sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Zn |
Uimhir adamhach | 30 |
Mais adamhach | 65.38 |
Peiriad, Grúpa | peiread 4 grúpa 12 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leáphointe | 419 |
Fiuchphointe | 907 |
Leictridhiúltacht | 1.65 |
Ga ianach | 0.6, 0.74 agus 0.9 |
Stair | |
Aimsitheoir | luach anaithnid |
Fionnachtain | luach anaithnid |
Eapainm | beann |
Áirítear ar na miotail thrasdultacha í, ach le fírinne, tá sí níos cosúla leis na miotail chré-alcaileacha - an maignéisiam ach go háirithe - ina saintréithe ceimiceacha.
Tá an tríú sceall lán (ocht leictreon déag) agus dhá s-leictreon taobh amuigh de. Is dual don tsinc an dá leictreon sin a thabhairt ar iasacht uaithi, agus mar sin is í an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla sna comhdhúile since ná +II.
Tá fáil ar chúpla comhdhúil ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +I ag an tsinc, ach glactar leis go bhfuil ian déshince sna comhdhúile sin, is é sin, (Zn2)2+.
Criostalta briosc ag gnáth-theocht agus múnlaithe go héasca ag 110-150°C.
Leictreoid dhiúltach since a bhíonn i gcealla leictreacha ar leith.[1]
Murab ionann agus an dá mhiotal eile in aon ghrúpa leis, an caidmiam agus an mearcair, ní trom-mhiotal nimhiúil í an tsinc. A mhalairt ar fad, tá an tsinc riachtanach d'orgánach an duine mar riandúil, agus í le fáil ina lán einsímí tábhachtacha. Is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin amháin, beagnach, a bhíonn aici ina cuid comhdhúl ná +2.
Tá aithne ag an gcine daonna ar an tsinc leis na céadta bliain anuas. Roimhe sin féin bhítí ag baint leasa as an bprás, arb é cóimhiotal na since agus an chopair é.
Is í an sfalairít (an seac dubh, an tsincbhleind) an mianra is tábhachtaí since. Is éard atá ann ó thaobh na ceimice de ná suilfíd since ZnS a bhfuil suilfíd fheiriúil, nó suilfíd an iarainn dhéfhiúsaigh, FeS measctha tríthi. Mianraí tábhachtacha eile iad an smitsinít (carbónáit since, ZnCO3), an leathmhoirfít (sileacáit since), an vuirtsít (suilfíd since í chomh maith leis an sfalairít), agus an hidrisincít (comhchriostal na carbónáite since agus na hiodrocsaíde since). Táthar ag baint since sna Stáit Aontaithe, san Astráil, agus i gCeanada, agus glactar leis go bhfuil cúltaiscí móra since san Iaráin.
Tá cúig iseatóp nádúrtha ag an tsinc, mar atá, 64Zn (49.17 % de shinc an dúlra), 66Zb (27.73 %). 67Zn (4.04 %), 68Zn (18.45 %), agus 70Zn (0.61 %). Iseatóip chobhsaí iad seo go léir - is núiclídí saorga iad raidiseatóip na since. Na raidiseatóip is éadroime dá bhfuil ag an tsinc, is é an cineál meath is minice a bhaineann dóibh ná an leictreonghabháil, agus is é is toradh don chineál seo meath ná ceann d'iseatóip an chopair. Na raidiseatóip is troime áfach, tagann béite-mheath orthu, agus is é an gailliam an toradh.
Miotal crua sobhriste í an tsinc agus loinnir ghorm inti. Is miotal diamaighnéadach í, is é sin, éarann an réimse maighnéadach é.[2]Tá sí traidhfilín níos éadroime ó thaobh an dlúis de ná an t-iarann, agus struchtúr criostalta heicseagánach aici. Seoltóir réasúnta maith leictreachais atá inti, agus tá a leáphointe (419.5 °C) agus a fiuchphointe (907 °C) íseal go leor i gcomparáid leis an gcuid is mó de na miotail, go háirithe na miotail trasdultacha.
Tá a lán miotal in ann cóimhiotail a dhéanamh leis an tsinc. Is é an prás an ceann is tábhachtaí de na meascáin seo. Cé nach bhfuil an tsinc ná an siorcóiniam fearómaighnéadach ar aon nós, éireoidh a gcóimhiotal ZrZn2 fearómaighnéadach má shioctar faoi bhun 35 ceilvin (-235 °C) é.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.