From Wikipedia, the free encyclopedia
Is contae i gCúige Laighean in oirthear na hÉireann é Contae Bhaile Átha Cliath.[1] Tugtar Áth Cliath nó Contae Átha Cliath air freisin (Béarla: County Dublin). Is é Baile Átha Cliath (Béarla: Dublin) príomhchathair na hÉireann, agus an chathair is mó sa chontae. Is dhá chathair mhóra eile sa chontae iad Dún Laoghaire agus Tamhlacht.
Contae Bhaile Átha Cliath | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
Príomhchathair | Baile Átha Cliath | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,270,603 (2011) | ||||
• Dlús | 1,378.09 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 922 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Á leanúint ag | Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall agus Contae Átha Cliath Theas | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-D | ||||
Logainm.ie | 100002 |
Ainm | Léarscáil | Suíomh | Stádas | Achar (km²) | Daonra (2011) | |||||||||||||||||||||||||
Cathair Átha Cliath | 1 | Lár | Cathair | 144.99 (12.6%) | 525,383 | |||||||||||||||||||||||||
Dún Laoghaire-Ráth an Dúin | 2 | Oirdheisceart | Contae | 127.31 (13.9%) | 206,995 | |||||||||||||||||||||||||
Fine Gall | 3 | Tuaisceart | Contae | 448.07 (49.1%) | 273,051 | |||||||||||||||||||||||||
Contae Átha Cliath Theas | 4 | Iardheisceart | Contae | 222.74 (24.4%) | 36.5 bliain 265,174 |
De réir Daonáireamh na hÉireann 2016, bhí daonra 1,345,402 ag Contae Átha Cliath, a bhfuil 28.25% as daonra náisiúnta iomlán i bPoblacht na hÉireann. Méadú 9.5% ar thorthaí 2002 a bhí ann. Ba é 1,218/km² an tiús daonra a bhí ann. Ba 553,165 an daonra i mBaile Átha Cliath i 2016.
Maidir le torthaí daonáireamh 2006 ba é 35.6 bliain an aois airmheánach in 2006 agus 62% den daonra idir 20-64 bliain d'aois. Bhí an imirce ghlan chuig an chontae 48,000 idir 2002 agus 2006 agus an ráta nádúrtha breisiúcháin ná 33,000.[2]
Tá 10,469 daltaí scoile ag freastal ar na 31 Gaelscoileanna agus ar na 8 Gaelcholáistí sa chontae.[3] Is féidir freisin go bhfuil breis is 10,000 cainteoirí Gaeilge as na Gaeltachtaí ar fad ag obair agus ag maireachtáil i mBaile Átha Cliath
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.