contae in oirthear na hÉireann From Wikipedia, the free encyclopedia
Is contae í Cill Dara nó Contae Chill Dara[1] atá suite in oirthear na hÉireann, i gCúige Laighean, ar an taobh thiar theas de Bhaile Átha Cliatha. D'fhás daonra oirthir an chontae sna blianta beaga anuas; mhéadaigh an méid tí sna Solláin (bruachbhaile de chuid Nás na Rí) faoi sé ó lár na 90í. Tá teorainneacha ag an gcontae le Ceatharlach, Laois, An Mhí, Uíbh Fhailí, Cill Mhantáin agus Contae Átha Cliath.
Contae Chill Dara | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
Príomhchathair | An Nás | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 222,130 (2016) | ||||
• Dlús | 131.2 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | East Coast and Midlands (en) | ||||
Achar dromchla | 1,693 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Mayor of Kildare (en) | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Contae Chill Dara | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-KE | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 100007 | ||||
Suíomh gréasáin | kildare.ie |
Is í Comhairle Chontae Chill Dara an t-údarás áitiúil.
Bhunaigh Naomh Eimhín a mhainistir sa 6ú haois i Mainistir Eimhín. Is é baile Chill Dara an baile is sine agus is stairiúla sa chontae. Rinneadh sír den chontae sa bhliain 1297 agus tá teorainneacha nua-aimseartha Chontae Chill Dara ann ón bhliain 1832 i leith.
Ba chuid den Pháil é an contae tráth, agus na nGearaltaigh suite ann le tamall fada.
Tá monarcha ollmhór ag an gcomhlacht Intel i Léim an Bhradáin. Bíonn cáil ar an Droichead Nua as ucht na siopaí atá ann.
Is é Nás na Rí príomhbhaile an chontae agus is ann atá Comhairle Chontae Chill Dara.
Tugtar an leasainm na Lilywhites ar fhoireann CLG Chill Dara. Is tagairt í seo don dath bán a chaitheann na foirne agus atá ar bhrat an chontae.
Tá clú agus cáil ar an gcontae mar gheall ar na capaill d'ardchaighdeán a thagann óna graífheirmeacha. Bíonn féilte rásanna ar siúl sa chontae gach bliain. Tá Graí Náisiúnta na hÉireann lonnaithe sa chontae freisin.
Tá 3 ráschúrsa i gContae Chill Dara
Is i Maigh Nuad atá ionad oideachais an chontae. Tá Ollscoil na hÉireann Má Nuad agus Coláiste Naomh Pádraig, Maigh Nuad inti. Tá scoileanna tríú leibhéal sa chontae:
Contae Chill Dara nasctha le háiteanna seo a leanas:
Tá siad an dá bailte mórlárionaid tionscal na gcapall folaíochta ina dtíortha faoi seach.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.