baile i gContae Bhaile Átha Cliath From Wikipedia, the free encyclopedia
Is baile i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, é Baile Brigín. [1] Tá an baile cósta seo suite 32 ciliméadar ó Bhaile Átha Cliath i gceantar riaracháin Chontae Fhine Gall.
Baile Brigín | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Iaraonán críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 21,722 (2016) | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 6 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Eile | ||||
Logainm.ie | 16735 | |||
Suíomh gréasáin | balbriggan.ie |
Tháinig fás as cuimse ar an daonra ag tús na 21ú haois toisc go raibh méadú tobann ar éileamh ar thithíocht i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Mhéadaigh an daonra Uirbeach ó 6,731 i 2006 go dtí 8,114 i 2016,[2] agus mhéadaigh daonra na Tuaithe ó 9,615 i 2006 go dtí 16,479 i 2016.[2] Tá daonra 24,611 i mBaile Brigín ach tá daonra lonnaíocht 21,722 sa daonáireamh na hÉireann 2016.[2]
Rinneadh mionstaidéar seandálaíochta roimh tógadh eastát tithíochta in aice le Lána na Gráige.[3] Tháinig siad ar fhianaise lonnaíochta ón ré Neoiliteach. d'aimsigh siad fothrach ó theach Neoiliteach.[3] Seo an áit a bhféadfadh na chéad fheirmeoirí a bheith ina gcónaí sa cheantar 5000 bliain ó shin.[3] Rinneadh an teach as plancanna adhmaid agus bhí sé sé mhéadar ar leithead.[3]
Tógadh Caisleán Bhrí Mhór sa 14ú haois.[3] Bhí clann Barnwell ina gcónaí sa chaisleán seo sa bhliain 1567. Bhí gairdíní, ocht dtionóntán, úllord agus páirc ann.[3] D'ionsaigh arm Oliver Cromwell an caisleán le linn Chogadh na hAon Bhliain Déag i rith na 1640dí.[3] Rinneadh mionstaidéar seandálaíochta sa pháirc in aice leis an gcaisleán agus aimsíodh caor gunna mór a bhain leis an ionsaí, is dócha.[3]
Sa tréimhse seo, ba shráidbhaile iascaireachta é Baile Brigín. Thug an tiarna talún áitiúil George Hamilton tionscadail déantúsaíochta éadaigh chuig Baile Brigín.[4] Thóg sé monarchana agus d’fheabhsaigh sé an calafort.[4] Críochnaíodh an ché sa bhliain 1763.[4]
Ba bhaile cuain agus margadh é faoin 19ú haois.[4] Sa tréimhse seo bhí an daonra 3,016 i mbarúntacht Baile an Ridire Thoir, áit atá Baile Brigín.[4] Bhí margadh ar siúl gach Luan agus bhí aonach eallach ar siúl i mí Aibreáin agus mí Meán Fómhair sa bhaile.[4] Tógadh teach margadh sa bhliain 1811 chun áit cinnte a thabhairt do na margaidh sin.[4]
Tharla cath meánaoiseach i mBaile Brigín sa bhliain 1329.[4] Champaigh Liam III Oráiste i mBaile Brigín tar éis Cath na Bóinne i mhí Iúil 1690.[4] Tharla Creach Bhaile Brigín ar an 21ú Meán Fómhair 1920.[4] D’ionsaigh na Dúchrónaigh Baile Brigín agus dhó siad ceithre theach is caoga, monarchan éadaí agus osánachta, agus ceithre theach tábhairne. Mharaíodar beirt fear áitiúil, Séamus Ó Laighléis agus Seán Mac Giobúin ar Shráid an Droichid. Níorbh mór Baile Brigín a atógáil i ndiaidh na Creiche tar éis an léirscrios a rinneadh air.[4]
Téann abhann na Breicíne trí lár an bhaile. Is as an abhainn bheag seo a thagann ainm an bhaile. Tagann ainm na haibhinne ón mbreac donn atá le fáil inti, mar is é brí 'breicín' ná breac beag.[5]
Tá an baile cósta seo suite 20 km ó Dhroichead Átha agus 30 km ó chathair Baile Átha Cliath. Tá an baile lonnaithe in aice leis an mótarbhealach M1, a théann ó Bhaile Átha Cliath chuig Béal Feirste.[6] Níl sé ach 23km ó Aerfort Baile Átha Cliath. Tá córas iompar poiblí an-mhaith ann sa bhaile le go leor modhanna iompair. Cuirtear seirbhísí bus ar fáil trí ‘Bus Átha Cliath' (a théann chuig na Sceirí, Ros Eo, Lusca, agus Sord Cholmcille), ‘Bus Eireann’ (a théann chuig Droichead Átha, Baile Iúliáin, Baile an Ridire, na Cúig Bóthar, Sord Cholmcille, agus Aerfort BÁC), agus ‘Local Link’ (a théann chuig Cros Mhic Giollagáin, Steach Maoilín, Baile Mhic Gormáin, an Aill, Baile Bachaille, an tSeanbhaile, Baile Ghabhra, agus Cill Dhéagláin). Cuirtear seirbhísí traein chuig BÁC, Droichead Átha, Dún Dealgan, Iúr Chinn Trá, agus Brí Chualann ar fáil i mBaile Brigín tríd an stáisiún traenach. stáisiún traenach.[6]
Tá go leor áiseanna sa bhaile a thaitníonn le turasóirí agus an muintir áitiúil maraon. Tá cúig thráigh ghainimh suite i mBaile Brigín. Seo iad ó thuaidh go dheas: Trá Chnoc na gCoin, Trá Bhrí Mór, an Trá Tosaigh, an Trá Cúil agus Trá Choill Samhadh. Meallann na trátha neart turasóirí lae gach uile samhradh, mar tá radhairc áille uathu ar na Beanna Boirche, na Sceirí, agus ar Mhuir Éireann.[8] Is é an trá leis an rochtain is áisiúla an trá tosaigh toisc go bhfuil an stáisiún traenach suite cúig nóiméad uaidh. Bíonn margadh iascaireachta agus talmhaíochta ar siúl gach Aoine i mBaile Brigín.[8] Tá Club Gailf Bhaile Brigín suite leath-bhealach idir an baile agus Baile an Ridire, gar don M1. Bunaíodh an club gailf i 1945.[8] Athchóiríodh an cúrsa gailf i 2009 le gnéithe nua ar nós guaiseacha uisce dúshlánacha, bánóga níos leithne agus tí-bhoscaí nua.[8]
Tá diméin Ard Choille suite idir Bhaile Brigín agus na Sceirí. Ba eastát chlann Hamilton-Taylor é ó 1738, agus tugadh don stáit é i 1982. Is páirc poiblí é inniu agus tagann formhór na dturasóirí ar thuras lae.[8] Tá caisleán ón 18ú haois ann, le caifé, stiúidiónna ealaíne agus gairdíní luibhe, toradh, glasra, bláth, agus rós. Is meascán de chluain agus coill é an fearann máguaird, le binsí, láthair béile, agus clós súgartha. Tá carrchlós suite ag taobh theas na diméine agus is féidir Bus Átha Cliath 33 a thógáil ón séipéal Caitliceach i mBaile Brigín. [8]
Maidir le siopadóireacht, tá siopaí ar fud na príomhshráide, agus tá ionaid siopadóireachta Millfield agus Castlemill, a dtógadh i 2011, gar don M1, ann chomh maith.[9]
Tá óstán amháin sa bhaile, an ‘Bracken Court’. Is féidir páirceáil ar an láthair saor in aisce d’aíonna.[10]
Naíonraí?.[11]
Tá go leor bunscoileanna i mBaile Brigín.
Tá cúpla meánscoileanna i mBaile Brigín
Tá Club Peile Rugbaí suite i mBaile Brigín agus imríonn an club i roinn 2B i Léig na Laighean.[13] Bunaíodh an club ar dtús i 1925.[13] Bhunaigh an club Corn na mBailte Cúige sa chomórtas Laighean do chlubanna Cúige i 1928.[13] Ní raibh mórán suime sa rugbaí i rith lár na dtríochaidí. Ansin bunaíodh Club Rugbaí Dealbhana lonnaithe i mBaile Brigín i lár na gcaogaidí.[13] Athlonnaigh an club Rugbaí go nDroichead Átha.[13] Sa bhliain1967 bhunaigh Brendan Griffin club rugbaí do dhaoine óga sa bhaile.[13] Bunaithe foireann rugbaí do dhaoine fásta sa bhliain 1975.[13] Ba é Felim White an chéad chaptaen ar an gclub.[13] Sna 1990idí, bunaithe foireann na mná ach ag an am seo ní raibh a lán foirne mná ann agus ansin tháinig deireadh leis an bhfoireann.[13] Athbhunaíodh an fhoireann sa bhliain 2014.[13]
Bunaíodh club peile Baile Brigín sa bhliain 1998.[14] Is club mór é le os cionn tríocha foireann ann.[14]
Bunaíodh Cumann Uí Dhuibhir sa bhliain 1918 agus tá sé lonnaithe i Lána na Gráige.[15] Imríodh an céad cluiche i mBaile Uí Ghormáin.[15] Tá níos mó ná 700 ball ann.[15] Imrítear cluichí i bpáirce Brí Mhór.[15]
Tá Eaglais Chaitliceach Rómhánach tiomnaithe do naoimh Peadar agus Pól suite ai mBaile Brigín. Tógadh an séipéal mór sa bhliain 1842.[7] Is sampla den ailtireacht Ghotach atá ann.[7]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.