![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/fa/Glendasan_River%252C_Wicklow_Mountains.jpg/640px-Glendasan_River%252C_Wicklow_Mountains.jpg&w=640&q=50)
Sléibhte Chill Mhantáin
sliabh i gContae Bhaile Átha Cliath / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is iad na Sléibhte Chill Mhantáin an ceantar sléibhe is mó in Éirinn.[1] Síneann siad thar Chontae Chill Mhantáin agus isteach i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Loch Garman agus Cheatharlach. Nuair a shíneann na sléibhte isteach i gContae Bhaile Átha Cliath, tugtar Sléibhte Bhaile Átha Cliath orthu go háitiúil. Is é an binn is airde ná Log na Coille ag 925 m (3,035 tr).
Cineál | Sliabhraon ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 1410314 ![]() | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath, Éire ![]() | |||
Suíomh | Contae Chill Mhantáin ![]() | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 925 m ![]() | |||
Toisí | 43 (![]() ![]() | |||
Pointe is airde | Log na Coille ![]() ![]() | |||
Déanta as | eibhear, míoca, siosta agus grianchloichít ![]() | |||
Achar | 3,000 km² ![]() | |||
Catagóir II IUCN: Páirc Náisiúnta | ||||
Stair | ||||
Tréimhsí stairiúla | Deavónach agus Caimbriach ![]() | |||
![]() | Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Tá daoine ina gcónaí ar na sléibhte ón ré Neoiliteach agus tá roinnt séadchomharthaí fós ann, go háirithe sraith tuamaí pasáiste, go dtí an lá atá inniu ann. Lárionad tábhachtach de chuid na hEaglaise Luatha in Éirinn ba ea an mhainistir i nGleann Dá Loch a bhunaigh Naomh Caoimhín ag deireadh an 6ú haois. Tar éis ionradh na Normannach sa 12ú haois, bhí Sléibhte Chill Mhantáin mar dhaingean agus ina n-ionad folaithe do chlanna Éireannacha in aghaidh riail Shasana. Bhí feachtas ciapadh ar bun ag na teaghlaigh Uí Bhroin agus Uí Thuathail in aghaidh na lonnaitheoirí ar feadh beagnach cúig chéad bliain. Níos déanaí, chothaigh na sléibhte reibiliúnaithe le linn Éirí Amach 1798. Tháinig deireadh le gníomhaíocht na reibiliúnach tar éis tógáil Bhóthar Míleata Chill Mhantáin ag tús an 19ú haois agus thosaigh na sléibhte ag mealladh turasóirí go dtí fothracha Ghleann Dá Loch agus chun na radharcra sléibhte a feiceáil.
Tá an limistéar ardtailte ar fad ainmnithe mar Limistéar Caomhantais Speisialta agus mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta faoi dhlí An tAontas Eorpach. Bunaíodh Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin i 1991 chun an bhithéagsúlacht agus an tírdhreach áitiúil a chaomhnú.