From Wikipedia, the free encyclopedia
Cnuasach dánta sa Nua-Ghaeilge Mhoch, a tiomnaíodh go luath sa 17ú haois, is ea an Leabhar Branach. Tá ann filíocht molta do chlann Uí Bhroin, agus craobh acu darbh ainm Gabhal Raghnaill i gContae Chill Mhantáin.[1][2][3] Scríobhadh na dánta féin idir na blianta 1550 agus 1630, tréimhse achrainn i nÉirinn le hÉirithe Amach Dheasmhumhan, Cogadh na Naoi mBliana agus Éirí Amach Uí Dhochartaigh ar siúl.[4][5]
Cineál | cnuasach filíochta |
---|---|
Teanga | Gaeilge Chlasaiceach |
Dar leis an scoláire Seán Mac Airt, a d'fhoilsigh leagan den chuntas sa bhliain 1944:[6][4][7]
Scríobhadh na dánta go formhór ag filí Mhic Eochaidh/Eochadha.[8][2][9] Scríobhadh roinnt acu ag Eochaidh Ó hEodhasa.[10]
Tá roinnt desna dánta tiomanta d'Fhiach mac Aodha Ó Broin (1534–1597).[11][12] Deirtear gurbh í a bheadh chéile Róis Ní Thuathail:
Tá an bhunlámhscríbhinn anois caillte. Rinneadh cóip di sa bhliain 1622 ag an bhfile, Brian Mac Giolla Phádraig, agus is a bhuí leis go maireann na dánta fós. Rinne Hugh O'Daly cóip de leagan Bhriain, agus caomhnaítear seo i gColáiste na Tríonóide. Tá cóip eile déanta ag Mícheál Ó Broin sna 1720í le fáil anois i Leabharlann Houghton, Ollscoil Harvard.[14][15]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.