Is iad na Sléibhte Chill Mhantáin an ceantar sléibhe is mó in Éirinn.[1] Síneann siad thar teorainneacha Chontae Chill Mhantáin agus isteach i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Loch Garman agus Cheatharlach. An chuid díobh atá i gContae Bhaile Átha Cliath, "Sléibhte Bhaile Átha Cliath" a thugtar orthu sin. Is í an bhinn is airde díobh ná Log na Coille ag 925 m (3,035 tr).

Fíricí Gasta Cineál, Logainm.ie ...
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSléibhte Chill Mhantáin
(ga) Sléibhte Chill Mhantáin Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálSliabhraon Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1410314 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Bhaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhContae Chill Mhantáin Cuir in eagar ar Wikidata
 53° 05′ N, 6° 20′ O
Tréithe
Airde os cionn na farraige925 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí43 (leithead) × 66 (fad) km
Pointe is airdeLog na Coille Cuir in eagar ar Wikidata  (925 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Déanta aseibhear, míoca, siosta agus grianchloichít Cuir in eagar ar Wikidata
Achar3,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Catagóir II IUCN: Páirc Náisiúnta
Stair
Tréimhsí stairiúlaan Tréimhse Dheavónach agus an Tréimhse Chaimbriach Cuir in eagar ar Wikidata
Dún

Tá daoine ina gcónaí sna sléibhte ón ré Neoiliteach i leith agus tá roinnt séadchomharthaí fós ann, go háirithe sraith tuamaí pasáiste, go dtí an lá atá inniu ann. Lárionad tábhachtach de chuid na hEaglaise Luatha in Éirinn ba ea an mhainistir i nGleann Dá Loch a bhunaigh Naomh Caoimhín ag deireadh an 6ú haois. Tar éis ionradh na Normannach sa 12ú haois, bhí Sléibhte Chill Mhantáin mar dhaingean agus ina n-ionad folaithe do chlanna Éireannacha in aghaidh riail Shasana. Bhí feachtas ciapadh ar bun ag na teaghlaigh Uí Bhroin agus Uí Thuathail in aghaidh na lonnaitheoirí ar feadh beagnach cúig chéad bliain. Níos déanaí, chothaigh na sléibhte reibiliúnaigh le linn Éirí Amach 1798. Tháinig deireadh le gníomhaíocht na reibiliúnach tar éis tógáil Bhóthar Míleata Chill Mhantáin ag tús an 19ú haois agus thosaigh na sléibhte ag mealladh turasóirí go dtí fothracha Ghleann Dá Loch agus chun na radharcra sléibhte a feiceáil.

Tá an limistéar ardtailte ar fad ainmnithe mar Limistéar Caomhantais Speisialta agus mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta faoi dhlí An Aontais Eorpaigh. Bunaíodh Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin i 1991 chun an bhithéagsúlacht agus an tírdhreach áitiúil a chaomhnú.

Ainm

Faigheann Sléibhte Chill Mhantáin a n-ainm ó Chontae Chill Mhantáin agus is as baile Chill Mhantáin a thagann a ainm. Ainmníodh Cill Mhantáin as aspal de chuid Naomh Pádraig sa seanchas.[2] Eascraíonn an t-ainm Béarla ar an áit, Wicklow, ón Sean-Lochlainnis WykyngloWykinlo.[2] Níor bunaíodh Cill Mhantáin mar chontae go dtí 1606; roimhe sin, ba mar chuid de Chontae Bhaile Átha Cliath é a chaitheadh na Sasanaigh leis.[3] Le linn na meánaoise, sular bunaíodh Contae Chill Mhantáin, thagair lucht riaracháin Shasana i mBaile Átha Cliath don réigiún mar Sléibhte Laighean.[4]

Ainm luath do cheantar iomlán Shléibhte Chill Mhantáin ab ea Cualu, nó Cuala sa lá atá inniu ann (feictear é seo fós in ainm na sléibhe Ó Cualann). Tá ainmneacha stairiúla ann freisin ar chríocha éagsúla sna sléibhte a bhí faoi smacht ag clanna dúchasacha: thugtaí Cualann nó Fir Chualann ('Fercullen' i mBéarla) ar an taobh thuaidh de Chill Mhantáin agus de Bhaile Átha Cliath Theas, agus glacann Gleann Uí Mháil a ainm ó chríoch na hUí Mháil.[2] Bhí craobh de chlann Uí Bhroin darbh ainm Gabhal Raghnaill (Gaval Rannall) i seilbh ar an cheantair thart ar Ghleann Molúra, ar a dtugtaí Gaval-RannallRanelagh.[2]

Thugtaí Sliabh Ruadh ar na sléibhte fadó freisin.[1]

Féach freisin

Tagairtí

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.