Na Trioblóidí
From Wikipedia, the free encyclopedia
I gcaint na ngnáthdhaoine, is ionann na Trioblóidí agus tréimhse na corraíola, an fhoréigin agus na coimhlinte idirphobail, a thosaigh i deisceart na Éireann sna seascaidí déanacha, agus ar tháinig deireadh leis, a bheag nó a mhór, le síniú Chomhaontú Bhéal Feirste, nó Comhaontú Aoine an Chéasta, an 10 Aibreán 1998.[1][2][3][4][5]
Fíricí Gasta Cineál, Tréimhse ...
Cineál | foréigean seicteach coinbhleacht eitneach |
---|---|
Tréimhse | 1960í - 1998 |
Dáta na bliana | 1998 |
Suíomh | Tuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Líon básanna | 3,532 |
Líon gortaithe | 47,541 |
Dún
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: claonadh, foclóir agus Gaeilge aisteach
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Tá go leor sainmhínithe tugtha ar na Trioblóidí thar na blianta; cuirtear síos air uaireanta mar "cogadh neamhrialta"[6][7][8] nó "coimhlint d'íseal-déine"[9][10][11], agus fiú 'cogadh cathartha'. Cé gur tharla na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann den chuid is mó, ag amanna dhoirt foréigean isteach i gcodanna den Phoblacht, de Shasana agus de mhórthír na hEorpa.