iar-phríomh-aire na Ríochta Aontaithe From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir Briotanach ab ea Margaret Hilda Thatcher, An Banbharún Thatcher,[1] a rugadh faoin ainm Margaret Hilda Roberts ar 13 Deireadh Fómhair 1925 agus a d'éag ar 8 Aibreán 2013. Bhí sí ina ceannaire ar an bPáirtí Coimeádach ó 1975 go dtí 1990.
Sa bhliain 1979, d'éirigh sí ina Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, agus an chéad bhean a bheith ina Príomh-Aire.[2] Chaith Thatcher breis is 11 bhliain mar Phríomh-Aire ar an mBreatain – an t-achar is faide a chaith aon duine sa ról seo le linn an fichiú haois.
‘Bean an Iarainn’ an leasainm a thugtaí uirthi go minic go háirithe toisc an cur chuige a léirigh sí le linn na stailceanna ocrais sna H-Blocanna3 in 1981.[3]
Rugadh in Grantham, Lincolnshire i Sasana í. Ba as Drom an Easaigh i gContae Chiarraí, a sin-seanmháthair Catherine Sullivan, a d'aistrigh go Sasana sa bhliain 1811. Phós Catherine oibrí feirme darbh ainm Thomas Smith agus phós Ellen, a iníon, Benjamin Ebenezer Roberts. Athair Thatcher ab ea a mac Alfred.
B'iníon Margaret le hAlfred agus Beatrice Roberts. Grósaeir ab ea a hathair, a raibh siopa aige in Grantham, agus is os cionn an tsiopa a bhí cónaí ar a teaghlach agus í ag fás aníos. Ba chomhairleoir áitiúil é Alfred Roberts, freisin. Cé nár bhall é d'aon pháirtí polaitiúil, bhí a chuid tuairimí agus polasaithe coimeádach. Bhí gaol an-láidir idir í agus a hathair, ach ní raibh caidreamh rómhaith aici lena máthair. Bhain sí céim amach sa cheimic ó Ollscoil Oxford sna 1940í. Agus í ag staidéar in Oxford, ba bhall í de na Coimeádaigh Óga.
I 1951, phós sí Denis Thatcher, ball eile den Pháirtí Coimeádach. Fear colscartha ab ea Denis, a bhí deich mbliana níos sine ná Margaret. Bhí beirt pháiste acu, an cúpla Mark Thatcher agus Carol Thatcher, a rugadh i 1953.
Sheas Margaret Thatcher gan rath i dtoghcheantar Dartford sna holltoghcháin i 1950 agus 1951. Toghadh í mar Fheisire do Finchley i 1959.
Nuair a bhí sí ina Rúnaí Oideachais i rialtas Edward Heath ó 1970 go dtí 1974, chuir sí deireadh le dáileadh bainne saor in aisce i scoileanna. Dá bhrí seo, tugadh Maggie Thatcher, Milk Snatcher uirthi.
Toghadh í mar cheannaire ar an bPáirtí nuair a sheas sí i gcoinne Heath i 1975 tar éis don Pháirtí dhá olltoghcháin a chailleadh i 1974. Ceannaire an Fhreasúra ab ea í anois. Bhí a cuid polasaithe ar an eite dheas. Ba é ceann dá polasaithe is cáiliúil ná an t-airgeadachas. Bhí sí go mór i gcoinne an tsóisialachais agus na gceardchumann. De bharr a tuairimí faoin gcumannachas agus a polasaí maidir leis an Aontas Sóivéadach, thug na Sóivéadaigh an leasainm cáiliúil The Iron Lady ("An Bhean Iarainn") uirthi.
San olltoghchán i 1979, bhuaigh na Coimeádaigh móramh i dTeach na dTeachtaí agus toghadh Thatcher mar Phríomh-Aire. Tháinig sí i gcomharbacht ar Edward Heath mar cheannaire ar an Pháirtí Caomhach1 agus bhaineadar amach tromlach 43 suíochán in aghaidh an Lucht Oibre.
Chuir sí polasaithe ‘nualiobrálacha’ i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe a spreag an earnáil airgeadais go mór agus thacaigh sí go láidir le seasamh Uachtarán Mheiriceá, Ronald Reagan, in éadan an Aontais Shóivéadaigh.
Nuair a d'ionsaigh an Airgintín Oileáin Fháclainne i 1982, sheol Thatcher fórsa chun na hoileáin a chosaint, tascfhórsa ó chabhlach na Breataine le hOileáin Fháclainne a thógáil in athuair ón Airgintín.
Nuair a cuireadh long de chuid na hAirgintíne, an General Belgrano, go tóin poill, tharraing an taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, siar tacaíocht na hÉireann do smachtbhannaí Eorpacha in aghaidh na hAirgintíne. Chuir sé seo leis an droch-chaidreamh eatarthu. Tar éis bua in Oileáin Fháclainne bhí bua eile aici sa toghchán in 1983.[3]
Bhí an-mhíshástacht sa Bhreatain i leith riail Thatcher ag tús na 1980idí. Ach mhéadaigh bá an phobail dí nuair a bhuaigh an Bhreatain Cogadh na Falklands-Malvinas.
Bhuaigh na Coimeádaigh na holltoghcháin i 1983 agus 1987, freisin, faoi cheannas Thatcher. Dhein sí príobháidiú ar thionscail stáit cosúil le British Telecom agus comhlachtaí gáis agus uisce
Sheas sí in aghaidh cheardchumainn mhóra na Breataine i stailc fhada na mianadóirí, a bhí ar siúl ó 1984 go dtí 1985. Faoi dheireadh, bhuaigh an rialtas ar na stailceoirí.
Tharraing Thatcher tuilleadh conspóide de bharr na tacaíochta a thug sí do dheachtóir na Síle, Augosto Pinochet, agus dhiúltaigh sí tacú smachtbhannaí in éadan na hAfraice Theas nuair a bhí cinedheighilt i bhfeidhm.
Sa bhliain 1990, bhris círéibeacha amach nuair a rinne Thathcer iarracht cáin chaipitíochta (cáin cloigne) a thabhairt isteach.[4] Tháinig John Major i gcomharbacht uirthi go gairid ina dhiaidh sin.
Bhí Thatcher go láidir i gcoinne an phoblachtachais Éireannaigh.
D'éirigh sí as an gCeannas agus as an bPríomh-Aireacht i 1990 tar éis di cuid mhór dá tacaíocht sa Pháirtí a chailleadh. Tugadh an post do John Major, ceann de thacaithe Thatcher.
Tháinig galar Alzheimer nó néaltrú seanaoise uirthi timpeall na 1990idí.
D'éag sí le stróc, is cosúil, i Londain ar an 8 Aibreán, 2013.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.