Uachtarán na Comhairle Eorpaí
From Wikipedia, the free encyclopedia
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bíonn an tUachtarán ina chathaoirleach ar chruinnithe na Comhairle Eorpaí agus stiúrann sé a cuid imeachtaí. Eisean a áirithíonn go ndéantar ionadaíocht sheachtrach ar an Aontas Eorpach ar a leibhéal féin freisin maidir le saincheisteanna a bhaineann le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais.[1]
Sealbhóir | António Costa ó 1 Nollaig 2024 | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cónaithe | An Bhruiséil | ||||
Ceaptha ag | An Chomhairle Eorpach | ||||
Dlínse | an tAontas Eorpach | ||||
Institiúid | An Chomhairle Eorpach | ||||
Cruthú | 1 Nollaig 2009 | ||||
Suíomh | consilium.europa.eu… |
Is é Charles Michel Uachtarán na Comhairle Eorpaí ón 1 Nollaig 2019 i leith. Príomh-Aire na Beilge ab ea é ar feadh 5 bliana roimhe sin.
Go neamhfhoirmeálta taobh istigh de na hInstituidí glaotar "PEC" (President of the European Council) ar an ról go hiondúil.
Leagtar amach ról an Uachtaráin in Airteagal 15 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Tá Uachtarán na Comhairle Eorpaí freagrach as na nithe seo a leanas go háirithe:
Déanann Uachtarán na Comhairle Eorpaí deimhin de go ndéantar ionadaíocht sheachtrach an Aontais ar leibhéal na gceann stáit nó rialtais freisin:
Toghann an Chomhairle Eorpach Uachtarán na Comhairle Eorpaí trí thromlach cáilithe.
Toghtar an tUachtarán ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith, agus é sin in-athnuaite uair amháin. I gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe, is í an uachtaránacht rothlach atá i gceannas ar an bpróiseas toghcháin. Le linn na Comhairle Eorpaí, mar a bpléitear toghadh an Uachtaráin, is é an ceann stáit nó Rialtais atá ag déanamh ionadaíocht don uachtaránacht a bhíonn mar chathaoirleach ar an gcuid sin den chruinniú.
Ní ceadmhach don Uachtarán oifig náisiúnta a shealbhú ag an am céanna.
Cabhraíonn Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (an Ardrúnaíocht) leis an gComhairle Eorpach agus lena hUachtarán.
Bíonn oifig phríobháideach ag an Uachtarán freisin, Cabinet an Uachtaráin. Tá foireann agus oifig an Uachtaráin lonnaithe in áras Europa na Comhairle sa Bhruiséil, an Bheilg.
Is é Frédéric Bernard, as an Bheilg, atá i gceannas faoi láthair ar Cabinet Michel.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.