From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír í an Bheilg (Ísiltíris: België, Fraincis: Belgique, Gearmáinis: Belgien) atá suite in Iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, an nGearmáin, Lucsamburg, an bhFrainc, agus tá cósta aici ar an Muir Thuaidh.
An Bheilg | |||||
---|---|---|---|---|---|
Koninkrijk België (nl) Royaume de Belgique (fr) Königreich Belgien (de) | |||||
|
|||||
Aintiún | The Brabançonne (1830) | ||||
Mana | «Ní neart go cur le chéile» | ||||
Siombail oifigiúil | cailleach dhearg | ||||
Ainmnithe in ómós | Belgae agus Gallia Belgica (en) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | an Bhruiséil | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 11,584,008 (2022) | ||||
• Dlús | 377.48 hab./km² | ||||
Déamainm | Beilgeach | ||||
Teanga oifigiúil | an Ollainnis an Fhraincis an Ghearmáinis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Na Comhghuaillithe sa Chéad Chogadh Domhanda Na Tíortha faoi Thoinn an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Benelux an tAontas Eorpach an Eoraip Iarthar na hEorpa | ||||
Achar dromchla | 30,688 km² | ||||
• Uisce | 0.8 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mhuir Thuaidh | ||||
Pointe is airde | Signal de Botrange (694 m) | ||||
Pointe is ísle | De Moeren (−4 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ríocht Aontaithe na hÍsiltíre | ||||
Cruthú | 4 Deireadh Fómhair 1830 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Saoire phoiblí | Lá Caille (1 Eanáir) Cáisc (22 Márta) Luan Cásca (Easter + 1 day (en) ) Deascabháil (An Cháisc + 39 lá) Cincís (An Cháisc + 49 lá) Luan Cincíse (Easter + 50 days (en) ) Belgian National Day (en) (21 Iúil) Deastógáil Mhuire Lá Fhéile na Naomh Uile (1 Samhain) Armistice Day (en) (11 Samhain) Lá Nollaig (25 Nollaig) | ||||
Éarlamh | Naomh Iósaf | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | monarcacht bhunreachtúil agus monarcacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Federal Government of Belgium (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Belgian Federal Parliament (en) | ||||
• Rí na mBeilgeach | Erasme Louis Surlet de Chokier (1831–1831) | ||||
• Príomh-Aire na Beilge | Alexander De Croo (2020–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Bhunreachtúil na Beilge | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 599,880,000,000 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .be | ||||
Glaochód | +32 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 100, 101 agus 102 | ||||
Cód tíre | BE | ||||
Cód NUTS | BE | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | belgium.be | ||||
Tá sí ag crosbhóthar cultúrtha idir an Eoraip Ghearmánach (le cainteoirí na hOllainnise sa tuaisceart, Flóndras) agus an Eoraip Rómánsach (le cainteoirí na Fraincise, An Vallúin), agus tá tionchar aige sin ar chastacht a cuid institiúidí agus a cuid staire polaitiúla.
Trí theanga oifigiúil atá sa Bheilg: An Ísiltíris (tuairim is 60%), an Fhraincis (tuairim is 40%), agus an Ghearmáinis (níos lú ná 1%).
Is ballstát den Aontas Eorpach í an Bheilg.
Eascraíonn ainm na tíre as treabh darbh ainm na Belgae, Ceiltigh a chónaigh i dtuaisceart na Gaille agus a cuireadh faoi smacht na Róimhe ag an Impire Iúl Caesar sa bhliain 56RC. Tháinig treibheanna Gearmánacha isteach sa chuid sin den Eoraip tar éis d'impireacht na Róimhe titim as a chéile agus tháinig ríochtaí nua chun cinn. Bhí flaitheas ag ríthe éagsúla de chuid na nGearmánach agus na bhFrancach ar limistéir na Beilge sna meánaoiseanna, agus tháinig an Phléimeannais, an Bhrabantais agus an Liombuirgis (canúintí de chuid na hÍsiltírise) chun cinn mar phríomhtheangacha labhartha i dtuaisceart an réigiúin seo i dtuaisceart na hEorpa agus ar an taobh eile teanga Picard agus an Vallúinis (teangacha de chuid na dteangacha Rómánsacha) i ndeisceart an réigiúin seo. Rinneadh Críostaithe de mhuintir na tíre ag manaigh Éireannacha a bhunaigh misin ann.
Bhí an Bheilg faoi smacht ag tíortha éagsúla, ag an bhFrainc agus ag an Ísiltír go háirithe, agus ag an Spáinn go dtí gur tharla an tAthrú Creidimh agus bunú Phoblacht na hOllaine. Nuair a ghnóthaigh na cúigí sa tuaisceart a neamhspleáchas i riocht an Ísiltír (an Ollainn) bhí an Bheilg faoi smacht na hOstaire ar feadh tamaill go dtí gur ghabh fórsaí impiriúla Napoleon seilbh uirthi ar feadh cúpla bliain. Aontaíodh an Bheilg leis an Ísiltír nuair a bhí cogadh Napoleon thart, ach bhain sí a neamhspleáchas amach in 1830 nuair a bhris réabhlóid amach sa tír. Ach fós cloistear an logainm: Ísiltír na Spáine.
Tháinig cumhachtaí móra na hEorpa le chéile chun Prionsa Leopolt ón mBaváir a inshealbhú mar Rí Leopold I (tairgeadh ríocht na Gréige dó roimhe sin ach dhiúltaigh sé é). Rinne an Ísiltír ionradh ar an mBeilg i 1831 agus bhí cogadh idir an dá thír go dtí gur aithin an Ísiltír neamhspleáchas na Beilge sa bhliain 1839.
De thoradh Chomhdháil Berlin 1885 ghlac an Bheilg páirt i gcoilíniú na hAfraice, agus ghabh seilbh ar sciar ollmhór talún in abhantrach an Chongó. Fearann pearsanta dá chuid féin a bhí sa choilíneacht seo don rí Leopold II agus ba mhór an scanall an drochíde a tugadh do dhúchasaigh na tíre. Bhí an-tóir ar rubar agus úsáideadh imeaglú, céasadh, dúnmharú agus leonadh chun sclábhaithe a dhéanamh de mhuintir na tíre. Bhí an-bhaint ag an tírghráthóir Éireannach, Ruairí Mac Easmainn, le nochtú an drochíde seo agus mar gheall ar an mbrú idirnáisiúnta a d'eascair as a chuid tuairiscí, b'éigean don Rí an choilíneacht a chur i lámha an stáit.
Rinne an Ghearmáin ionradh ar an mBeilg i 1914 agus i 1940 in ainneoin gur fhógair an tír a neodracht sna haighnis idir mhórchumhachtaí na hEorpa. Cuireadh deireadh le polasaí na neodrachta tar éis an Dara Chogaidh Dhomhanda agus chuaigh an Bheilg isteach i NATO (Conradh an Atlantaigh Thuaidh). Bhí sí ar cheann de bhaill bunaidh Chomhphobail Eacnamaíoch na hEorpa.
Le céad bliain anuas tá deighilt mhór idir phobail na Fraincise agus na Pléimeanaise sa Bheilg, agus is minic go mbítear ag tuar go dtitfidh an tír as a chéile.
Tá an rialtas cónaidhme bunaithe ar na réigiúin agus a theangacha:
Úsáidtear an euro mar airgeadra sa Bheilg. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Beilge an 37ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 25ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 25ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an mBeilg, é ar $46,301 don chónaitheach.
Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Bheilg an 16ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an naoú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[1] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Bheilg an 16ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí na Márta 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 5.7%, an 17ú leibhéal is fearr san Aontas Eorpach.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.