From Wikipedia, the free encyclopedia
Is féile Chríostaí í an Chincís. Is lá tábhachtach é Domhnach Cincíse (nó Domhnach na Cincíse[1]) i bhféilire na Críostaíochta[2]. Deirtear ina thaobh gur thuirling an Spiorad Naomh ar na haspail lena linn.
| ||||
Cineál | lá féile Críostaí public holidays in Norway (en) public holidays in Sweden (en) coincheap ón mBíobla point in time with respect to recurrent timeframe (en) public holidays in Denmark (en) public holidays in the Netherlands (en) | |||
---|---|---|---|---|
Comóireann sé | an Chincís | |||
Cuid de | Mórfhéilte na hEaglaise Ceartchreidmhí agus aimsir na Cásca | |||
Lá | An Cháisc + 49 lá | |||
Lá den tseachtain | an Domhnach | |||
Reiligiún | an Chríostaíocht | |||
Meán cumarsáide | ||||
Titeann an Chincís ar an seachtú Domhnach i ndiaidh na Cásca.
Dúradh in Éirinn fadó go raibh dlúthbhaint ag an gCincíseach[3] (.i. duine nó ainmhí a rugadh i dtrátha na Cincíse) leis an mí-ádh agus leis an mbás. Creideadh, dá réir sin, go raibh sé i ndán dóibh duine a mharú.[2]
Tréimhse an-dainséarach a bhí i gceist, creideadh, agus tharla a lán timpistí, go háirithe ar Dhomhnach Cincíse agus ar Luan Cincíse.
Má ghortaigh Cincíseach duine eile, trí thimpiste fiú, thóg sé an-chuid ama le bheith ar fónamh arís (go dtí an chéad Domhnach Cincíse eile, uaireanta) nó d'fhéadfadh go bhfaigheadh an duine sin bás fiú amháin.
Bás a bhí i ndán don té ar rug ainmhí Cincíseach greim fiacla air, nó má fuair duine speach ón ainmhí sin fiú.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.