From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir Polannach is ea Donald Franciszek Tusk (i bPolainnis is mar seo a fhuaimnítear é: ['dɔnalt fran'ʨiʂɛk 'tusk]). Rugadh é i gcathair Gdańsk na Polainne ar an 22 Aibreán 1957.
Bhí Donald Tusk ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach ón 1 Nollaig 2014 go dtí an 30 Samhain 2019. Príomh-Aire na Polainne ab ea é ar feadh 7 mbliana roimhe sin. Atoghadh é mar Phríomh-Aire in 2023.
Ar an 22 Aibreán 1957 a rugadh Donald Tusk in Gdańsk na Polainne. Siúinéir ab ea a athair, ag obair ar na hiarnróid, agus rúnaí ab ea a mháthair, ag obair in ospidéal. Cailleadh a athair nuair nach raibh Tusk ach ceithre bliana déag.[1]
Sa bhliain 1976, thosaigh sé ar staidéar a dhéanamh ar an stair in Ollscoil Gdańsk, áit a raibh sé páirteach i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha i gcoinne réimeas na gCumannach. Le linn na tréimhse sin, d'oibrigh sé i gcomhar leis na Saor-Cheardchumainn fholaithe, i measc dreamanna eile, agus chuir sé aithne ar an bhfear a bhí le bheith ina cheannaire ar Solidarność ina dhiaidh sin, Lech Wałęsa.
Comhalta Parlaiminte sa Pholainn ab ea é sna 1990idí, agus ba é Leas-Cheann Comhairle an tSeanaid é, i measc rudaí eile.
In 2001, bhí sé ar dhuine díobh siúd a chuir tús leis an bpáirtí lárnach nua, an tArdán Sibhialta, agus in 2003 ceapadh ina cheannaire ar an bpáirtí sin é.
Tar éis dianfheachtais in 2007, d'éirigh leis an ceann is fearr a fháil ar an bpáirtí deasach a bhí i gcumhacht agus rinneadh Príomh-Aire de. Chaith sé seacht mbliana sa phost sin, rud a d'fhág gurb é is faide a sheas mar Phríomh-Aire faoi réimeas an daonlathais sa Pholainn, agus gurb é an chéad Phríomh-Aire riamh é a toghadh an athuair.
Le linn a théarma seacht mbliana, tháinig borradh leanúnach faoi gheilleagar na Polainne, agus i dtráth na géarchéime, tháinig méadú beagnach 20% ar gheilleagar na Polainne, an ráta fáis ba mhó san Eoraip.
Atoghadh é mar Phríomh-Aire in 2023.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.