réabhlóidí Éireannach a cuireadh chun báis i 1916, file, agus scríbhneoir From Wikipedia, the free encyclopedia
Oide, file, scríbhneoir, náisiúnaí agus gníomhaire polaitiúil Éireannach ab ea Pádraig Anraí Mac Piarais, An Piarsach, (as Béarla, Patrick Henry Pearse; (10 Samhain 1879 – 3 Bealtaine 1916), agus é ar dhuine de cheannairí Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916.[1] An teideal a bronnadh air ná Uachtarán an Rialtais Shealadaigh le linn an éirí amach, agus b'eisean a chur tús leis nuair a léigh sé Forógra na Poblachta agus iad ag glacadh seilbhe ar Ardoifig an Phoist. Gabhadh an Piarsach agus na fír eile nuair a theip ar an eirí amach, agus cuireadh eisean agus a dheartháir Liam chun báis.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Patrick Henry Pearse 10 Samhain 1879 Baile Átha Cliath |
Bás | 3 Bealtaine 1916 36 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Tráma balaistíoch) |
Áit adhlactha | Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Ríoga na hÉireann |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, saighdiúir, polaiteoir, iriseoir, scríbhneoir, abhcóide |
Ball de | |
Gluaiseacht | Náisiúnachas in Éirinn |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Bráithreachas na Poblachta agus Sinn Féin |
Céim mhíleata | ardcheannasaí |
Coinbhleacht | Éirí Amach na Cásca |
Teaghlach | |
Athair | James Pearse agus Margaret Pearse |
Siblín | Liam Mac Piarais agus Margaret Mary Pearse |
Gradam a fuarthas | |
Rugadh Pádraig Mac Piarais i dteach ag 27 Great Brunswick Street (Sráid an Phiarsaigh inniu) i mBaile Átha Cliath sa mbliain 1879. Dealbhóir agus saor cloiche ó Birmingham Shasana ó dhúchas a bhí ina athair James, Protastúnach a chuir a ghnó féin ar bun sna 1850idí a bhain rath nach beag amach. Dá bhrí sin, clann compordach meánaicmeach a bhí iontu.
Fuair an Piarsach a chuid bunoideachais ó na na Bráithre Críostaí.
Céimí de chuid Ollscoil Ríoga na hÉireann[2] (BA sna Nuatheangacha 1901) ba ea é. Ag an am céanna glaodh chun Bharra na hÉireann sa bhliain ar bronnadh céim air.
Níor láithrigh sé sa chúirt ach uair amháin áfach, sa bhliain 1905, nuair a bhí sé ina ionadaí (gan rath) do Niall Mac Giolla Bhrighde, duine ar cuireadh ina leith gur thaispeáin sé comhartha "doléite" ar an gcarr asail a bhí aige (is é sin le rá ceann a scríobhadh i nGaeilge).[3][4] Cf. 𝙈𝙘𝘽𝙧𝙞𝙙𝙚 𝙫 𝙈𝙘𝙂𝙤𝙫𝙚𝙧𝙣 [1906] 2 IR 181). Cheap siad go raibh cás láidir acu ach chaill siad. Mhothaigh an Piarsach go ndearnadh éagóir sa chás. Réitigh an bharúil sin a bhealach i dtreo náisiúnachas na láimhe láidre. Agus níor spreag an cás sin é le dul leis an dlí mar cheann dá shlíte bheatha.
Sa mbliain 1898 chaith an Piarsach agus John Milington Synge tamall ar oileáin Arainn ag foghlaim ó Mhairtín O'Conghaile. B’iomaí tréimhse a chaith sé i gConamara ag foghlaim na teanga, go dtí 1915.
I mí an Mharta 1903 chur an Piarsach isteach ar phost mar eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis (iris Chonradh na Gaeilge) agus fuair sé é. Choinnigh sé an post sin go dtí deireadh na bliana 1909.
I mí Aibreáin 1903 bhí air dul ar thuras go dtí Ros Muc don chéad uair ag obair mar "scrúdaitheoir" do Chonradh na Gaeilge.[5] Bhí muintir na háite ag fanacht leis ag an stáisiún traenach ag an Teach Dóite. Nuair a tháinig an Piarsach chomh fada leo thug siad faoi deara nach mbeadh aon áit le fanacht aige, mar sin, shocraigh siad go bhfanfadh sé Tí Mháille áit a bhfuil an siopa agus Oifig an Phoist fós ann.
Chaith an Piarsach an t-am san áit ag cur daoine "faoi scrúdú Gaeilge". Chuaigh an áit go mór ar an bPiarsach agus gur fhan sé cúpla lá sa mbreis sa gceantar. Is ag an scoil a chur an Piarsach aithne ar Colm O’ Gaora a bhí ina príomhoide ag an am i scoil an Ghoirt Mhóir. (Ba fhear é a bhí an-pháirteach leis an éirí amach é Colm níos déanaí).
Thóg an Piarsach teach beag ceanntuí dó féin i Ros Muc (ar an Turloch, a bhí ag breathnú amach ar Loch Eiriulach agus Cnoc an Dámh áit a bhfuil an mhéanscoil, séipéal, stáisiún gardaí thíos faoi). Chuir sé aithne mhaith ar mhuintir na háite. Sna 1910idí, nuair a cuireadh na hÓglaigh ar bun, bhí lámh aige san obair sin, freisin - bhunaigh sé buíon acu i Ros Muc.
Bhunaigh an Piarsach Scoil Éanna sa mbliain 1908 i Raghnallach, arbh í an chéad scoil dhátheangach (do bhuachaillí amháin) sa tír le blianta fada. Léirigh sé a dhearcadh faoin oideachas ina leabhar 'The Murder Machine', agus b'í an Scoil Náisiúnta an "meaisín" a bhí i gceist aige, ó bhí sé barúlach gurb í an scoil sin a bhí ag déanamh cabhóg na Gaeilge. Bhí suim aige sa nGaeilge ó thús a óige. Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge sa bhliain 1896 agus bhí sé ina bhall den Choiste Gnó nuair a bhí sé fiche bliain d'aois.
Ba iad aidhmeanna na scoile ná:
Scoil dátheangach buachaillí a bhí ann. D’fhoghlaim na daltaí Stair agus Tíreolas na hÉireann, staidéar ar an dúlra, agus eolaíocht. Bhí an drámaíocht i bhfad chun tosaigh i gcomparáid le scoileanna eile ag an am.
Bhog an scoil go dtí Rath Farnáin sa mbliain 1910. Ar bhalla na scoile bhí nath cainte ó laoch na bhFiann Cú Chulainn
Baineadh úsáid as Teach Feadha Cuileann mar scoil dhátheangach do chailíní Scoil Íde (1910-1912).
Bhain deacrachtaí airgid le gnó mheánscoileanna na linne sin. Chaith an Piarsach trí mhí (8 Feabhra-7 Bealtaine) sna Stáit Aontaithe ag bailiú thart ar £1,000. Ba é ‘Robert Emmet and the Ireland of Today’ ábhar na léachta a thug sé in Nua Eabhrach.
Ba bhall gníomhach de Bhráithreachas na Poblachta (The Irish Republican Brotherhood) é an Piarsach.
I mí Iúil 1914 tháinig gúnnaí agus urchair isteach ag cuan Bhinn Éadair; is sa Scoil Eanna a cuireadh iad i bhfolach.
Ar an 1 Lúnasa 1915 thug an Piarsach an óráid cháiliúil ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa, is i Ros Muc a scríobh:
Ghlac an Piarsach páirt in Éirí Amach na Cásca in Éirinn in 1916. Toghadh é ina uachtarán ar Phoblacht na hÉireann agus léigh sé Forógra na Poblachta lasmuigh de Ardoifig an Phoist ag tús an Éirí Amach. Mhair an tÉirí Amach ar feadh seachtaine tar éis nar cheap duine ar bith go mbeadh na hÓglaigh in ann fanacht chomh fada sin mar bhí rudaí ag dul in olcas. Ach nuair a chonaic an Piarsach an slad a bhí á dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath de bharr na troda chinn sé géilleadh d'Arm na Breataine. Bhí ollscriosadh déanta ar chathair na tíre, agus is ar mhaithe leis na daoine gur ghéill an Piarsach “To prevent the further slaughter of unarmed people and in the hope of saving of our followers”. Ar an 29 Aibreán 1916 ag 3.30 ghéill siad d’arm Shasana.
Daoradh an Piarsach chun báis; cuireadh é féin agus a dheartháir Liam (Willie) chun báis i gclós Phríosún Chill Mhaighneann chomh maith le dáréag eile de cheannairí an Éirí Amach.
An oíche a raibh sé ag fanacht lena bhás, scríobh sé litir chuig a mhatháir, chuig a dheartháir Liam, agus scríobh cuntas ar a thriall. Cuireadh chun báis é ar an 3 Bealtaine 1916 i bpríosún Chill Mhaighneann. Cuireadh a dheartháir chun báis an lá dár gcionn. Cuireadh é agus na Ceannairí Óglaigh eile i mBairic Mhileata sna glasáin.
Scríobh an Piarsach dánta agus scéalta agus drámaí i nGaeilge, m. sh. An Mháthair, Íosagán, an Rí, An Gadaí, srl. Scríobh sé cuid mhaith i mBéarla, chomh maith, ag gríosadh na nGael chun troid a chur ar son na saoirse.
Bhí an-tóir ag an bPiarsach ar Iarthar na hÉireann agus feictear é sin ina chuid scéalta agus filíochta.
Chreid an Piarsach go raibh dlúthbhaint ag an gcúltúr le féiniúlacht na tíre. Nath cainte a chloistear go fíormhinic ná ‘tír gan teanga tír gan anam’ cuireann sé seo go mór leis an meon deafach faoi Éirinn. Chun scoilt cuimsitheach a dhéanamh idir Éire agus Sasana ba cheart an dá chultúr a scaipeadh chomh fada óna chéile agus gur féidir.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.