Gruth
From Wikipedia, the free encyclopedia
Faightear gruth trí bhainne a théachtadh i bpróiseas ar a dtugtar gruthú. Úsáidtear an toradh mar tháirge inite déiríochta é féin, nó sa chéad chéim i ndéanamh cáise.[1] Is féidir an téachtadh a chur i bhfeidhm trí binid, nó aon substaint aigéadach inite (ar nós sú líomóide nó fínéagar), a chur le bainne. Mar gheall ar an méadú ar aigéadacht, tagann na próitéiní bainne (cáiséin) le chéile ina bpíosaí soladacha ar a dtugtar gruth. Cruthaítear gruth freisin nuair a ligtear do bhainne géarú (bainne amh nó bainne paistéartha a gcuirtear baictéir lachtaigéid leis), agus táirgtear cáis bhainne ghéir sa chaoi seo.
Fíricí Gasta Sonraí, Cineál ...
Sonraí | |
---|---|
Cineál | táirge déiríochta agus bia |
Modh ullmhúcháin | Emprésurage (fr) ![]() |
Príomh-chomhábhair | bainne agus binid |
Dún
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f1/Fabrication_du_Beaufort_%2811%29.jpg/640px-Fabrication_du_Beaufort_%2811%29.jpg)