Binid
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is binid[1] ann ná ábhar eastósctha as goile chuid mhaith ainmhithe óga, an lao is an t-uan go príomha, a bhfuil an einsím cíomóisin inti. Nuair a chuirtear i mbainne í, deascann an phríomhphróitéin bainne cáiséin, agus téachtann an deascán le gruth crua a dhéanamh is meadhg a fhuascailt atá lán de shiúcra (siúcrós) is próitéiní meidhg. Bíonn binid ar fáil ar bhonn trádálach, agus úsáidtear í i gcócaireacht is déanamh cáise. Bíonn binid atá díorthaithe ó ghlasraí is binid shintéisithe ar fáil freisin chun riachtanais feoilséantóirí a shásamh.[2]