Aigéad
From Wikipedia, the free encyclopedia
Go traidisiúnta, glactar leis gur aigéad atá i ngach comhdhúil cheimiceach ar féidir leis, má thuaslagtar san uisce é, tiúchan na n-ian hiodrocsóiniam (H3O+) a ardú agus tiúchan na n-ian hiodrocsaíde (OH-) a ísliú dá réir. Mar sin, má chuirtear aigéad le huisce glan, titfidh pH an uisce sin.
Is ionann an sainmhíniú traidisiúnta, a bheag agus a mhór, agus an sainmhíniú a thug Johannes Nicolaus Brønsted agus Martin Lowry ar an aigéad beag beann ar a chéile. Is éard a bhí san aigéad dar leosan ná comhdhúil a raibh de chlaonadh inti ian hidrigine, nó prótón - H+ - a dheonú do chomhdhúil eile - don bhun. Aigéid iad, mar shampla, an t-aigéad aicéiteach san fhínéagar agus an t-aigéad sulfarach i mbatairí (cadhnraí, ceallraí) na ngluaisteán.
Tá imoibriú an aigéid leis an mbun difriúil leis an imoibriú ocsaídiúcháin is dí-ocsaídiúcháin, nó ní athraíonn staid ocsaídiúcháin na n-adamh san imoibriú aigéid is buin.
Na ceimiceáin arb aigéid iad, deirtear go bhfuil siad aigéadach. Is é an tomhas atá againn ar aigéadacht an aigéid ná an pKa. Cosúil leis an pH, is frithlogartam é an pKa, agus mar sin, téann an aigéadacht in airde agus an pKa ag dul in ísle.
Go bunúsach, is ionann an Ka, nó tairiseach díthiomsúcháin an aigéid, ná:
San fhoirmle seo, is ionann HA agus an t-aigéad, agus is ionann A- agus an t-ian diúltach a fhágfar nuair a thabharfaidh an t-aigéad an prótón uaidh. Seasann na lúibíní cearnacha don tiúchan. Mar sin, gheofar an tairiseach díthiomsúcháin, má iolraítear tiúchan an iain seo agus tiúchan na n-ian hidrigine, agus má roinntear an t-iolrach seo ar thiúchan na móilíní aigéid. Na luachanna Ka a fhaightear ar an dóigh seo, ní bhíonn siad praiticiúil, áfach, nó bíonn an iomarca náideanna iontu. Mar sin, is fearr frithlogartam deichiúil an Ka a úsáid, -log10(Ka), nó pKa. Más ionann an Ka agus 0.001, nó 10-3, is ionann an Ka agus 3.