![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f9/Indicateurs_color%25C3%25A9s_de_pH.jpg/640px-Indicateurs_color%25C3%25A9s_de_pH.jpg&w=640&q=50)
pH
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tomhas ar aigéadacht tuaslagáin. Cothrom, a bheag nó a mhór, le míneas logartam coiteann thiúchan na n-ian hidrigine sa tuaslagán (i móil in aghaidh an lítir). San uisce bíonn iolrú thiúchan na n-ian hidrigine [H+] is na n-ian hiodrocsaíde [OH-] cothrom le 10-14 ag gnáth-theochtaí. Luíonn pH tuaslagán uisciúil idir 0 (an-aigéadach) agus 14 (an-bhunata). Tugtar tuaslagán neodrach ar thuaslagán le pH = 7.[1]
Fíricí Gasta Cineál, Ar bhonn foirmiúil ag ...
![]() | |
Cineál | feidhm aigéadachta ![]() |
---|---|
Ar bhonn foirmiúil ag | S. P. L. Sørensen ![]() |
Foirmle | ![]() |
Dún