Aodhán mac Gabhráin
rí Dhál Riada / From Wikipedia, the free encyclopedia
Rí Dhál Riada ó c. 574 go dtí c. 609 ba ea Aodhán mac Gabhráin (Sean-Ghaeilge Áedán mac Gabráin). Bhí an ríocht seo lonnaithe in Earra-Ghàidheal in iarthar na hAlban, agus i gcuid de Chontae Aontroma an lae inniu in Éirinn. De réir na nginealach, ba mhac an rí Gabrán mac Domangairt é.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 haois |
Bás | 608 Cinn Tìre |
Ríthe Dhál Riada | |
574 – 608 ← Conall mac Comhghaill – Eochaidh Buí → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Eochaidh Buí, Gartnait II, Artuir mac Áedán |
Athair | Gabhrán mac Domhanghairt agus Lluan |
Bhí Aodhán ar chomhaois le Colm Cille, agus insítear cuid mhaith dá shaol agus gairm i naomhsheanchas amhail is Beatha Cholm Chille le Adhamhnán. Feictear é fosta i scéalta agus dánta Sean- agus Meán-Ghaeilge, roinnt acu anois caillte.
Faightear i nannála Éireann iontrála maidir le feachtais Aodhán in éadan a chomharsana, in Éirinn agus i dtuaisceart na Breataine, ina measca turais go dtí Inse Orc, Oileán Mhanann agus cósta thoir na hAlban. Mar a deir Bede, buadh glan ar Aodhán ag Æthelfrith Bernicia i gCath Dheagsastan (c. 603). D'fhéadfadh é gur cuireadh Aodhán as coróin, nó gur éirigh sé as, i ndeireadh an chliste seo. Rinneadh taifead ar a bhás i bhfoinse amháin mar 17ú Aibreán 609.