Eochaidh Buí
rí Dhál Riada / From Wikipedia, the free encyclopedia
Rí Dhál Riada san Albain agus oirthuaisceart Éireann ba ea Eochaidh Buí (Meán-Ghaeilge Eochaid Buide) ón mbliain c. 608 go dtí 629.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 haois |
Bás | 629 |
Ríthe Dhál Riada | |
608 – 629 ← Aodhán mac Gabhráin – Connadh Cearr → ![]() | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc ![]() |
Teaghlach | |
Páiste | Domhnall Breac, Conall Crannomhna, Connadh Cearr ![]() |
Athair | Aodhán mac Gabhráin |
Aodhán mac Gabhráin ba ea a athair, agus d'éirigh sé ina rídhamhna tar éis bhásanna a dheartháireacha níos sine Artúr, Eochaidh Fionn and Domhanghart. Dar le Beatha Naoimh Cholm Cille le hAdomnán, rinne an Naomh tuar go dtiocfadh Eochaidh óg i gcomharbacht ar a athair in n-ionad.
Sa dá bhliain dheireanacha dá réimeas, 627–629, is amhlaidh go raibh Eochaid ina leath-rí le Connad Cerr, a d'éag roimhe. Tháinig a mhac Domhnall Breac i gcomharbacht ar Eochaidh.
Is iad a leanas na mic eile le hEochaid a fheictear i Seanchas Fear Alban:
- Conall Crandomna
- Failbhe (a d'éag ag Cath Fid Eoin)
- Cú-gan-máthair (tuairiscítear a bhás i nAnnála Uladh don bhliain 604)
- Conall Beag
- Connad nó Conall Cerr (b'ionann é b'fhéidir is Connad Cerr a d'éag ag Fid Eoin)
- Failbhe
- Domhanghart
- Domhnall Donn (Níorbh ionann é agus Domhnall Donn, murar cuireadh a thásc as áit le 45 bliain, cosúil le Ferchar mac Connaid)
Dar leis an seanscéal Fleadh Dhún na nGéanna, seanathair le Conghail Chaoch ba ea Eochaidh. Tá nithe mí-aimseartha sa scéal óir go ndeirtear an go raibh Eochaidh beo ag Cath Maige Rátha (a tharla go deimhin faoi cheann sin bhliain de 637). B'fhéidir é áfach gur mhac le hiníon Eochach é Conghal, dá mba fíor go bhfuair Cú-gan-máthair bás mar a thuairiscítear.