Ríthe Dhál Riada
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhíodh ríthe Dhál Riada i gceannas ar ríocht Ghaelach suite san Albain agus oirthuaisceart Éireann. Rianaigh an chuid is mó acu, maraon le ríthe na hAlban, a nginealaigh siar go Fearghas Mór mac Eirc. Sa 16ú haois, dúirt Séamas VI na hAlban faoi féin go raibh sé ina "happie monarch sprung of Ferguse race".
Ní fheictear tásca na ríthe sna hannála Éireann go dtí lár na 6ú haoise, le bás Chomhghaill mhic Dhomhangairt c. 538–545, agus a dhearthár Gabhrán, c. 558–560. Tar éis na mór-cliste ag Cath Maige Rátha sa bhliain 637, chaill Dál Riada in Éirinn a chuid críoch in Albain.[1] San 8ú haois, chloígh a gcéilí comhraic, Dál Áraí, tuath Dhál Riada in Éirinn,[2] cé gur ghlaoití Dál Riada uirthi go dtí an 14ú haois.
Is é Fergus mac Echdach, deartháir agus comharba Aodha Fhionn, rí deireanach Dhál Riada na hAlban a bhfuil fianaise ann dó. Tuairiscítear a bhás i nAnnála Uladh don bhliain 781. I ndiaidh sin, roinneadh Dall Riada ina cineálacha, ina measc Cineál Ghabhráin as Cinn Tíre agus Cineál Loairn.