polaiteoir Éireannach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir Éireannach ba ea Liam Ó Neachtain nó William Norton de ghnáth (2 Samhain 1900 - 4 Nollaig 1963), a bhí ina Thánaiste idir 18 Feabhra, 1948 agus 13 Meitheamh, 1951.[1] Ba é ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre é idir na blianta 1932 agus 1960. Bhí dáimh aige leis an bPoblachtachas agus labhair sé faoi Thuaisceart Éireann go minic.
Rugadh Liam Ó Neachtain i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1900, agus thosaigh sé ag obair leis an tseirbhís phoist sa bhliain 1916. Bhí sé páirteach sa cheardchumannachas a bhí láidir sa chathair ag an am, agus bhí sé ina rúnaí ag Ceardchumainn Lucht Oibre an Phoist idir na blianta 1924 agus 1948. Toghadh Ó Neachtain ina Theachta Dála i 1926 do Chontae Átha Cliath, agus ansin do Chontae Chill Dara ón mbliain 1932 go dtí a bhás.
Rinneadh ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre de sa bhliain 1932. Thóg Ó Neachtain an páirtí isteach san chéad rialtas idirpháirtíoch idir na blianta 1948 agus 1951, agus eisean ina Thánaiste agus ina Aire Leasa Shóisialaigh.[2]
Theip air an An Bille um Leasa Shóisialaigh (Insurance, Nollaig 1950) a thabhairt isteach agus leasú cuimsitheach a chur i bhfeidhm (bhí daoine áirithe i bhFine Gael ag cur i gcoinne aon leasuithe).
Bhí comhrialtas ann arís sa bhliain 1954, agus ba é Ó Neachtain an Tánaiste arís.
D'éag Liam Ó Neachtain i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1963.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.