páirtí polaitíochta in Éirinn From Wikipedia, the free encyclopedia
Is páirtí polaitiúil Éireannach é Páirtí an Lucht Oibre (Béarla: The Labour Party ).
Aintiún | The Red Flag | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Ainm gearr | Lab | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas sóisialach | ||||
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1912 | ||||
Bunaitheoir(í) | Séamus Ó Conghaile | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Páirtí na Sóisialaithe Eorpach An tAontas Forásach Idirnáisiúntas Sóisialach | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Ivana Bacik (2022–) | ||||
Dáil Éireann | 7 / 160 | ||||
Seanad Éireann | 4 / 60 | ||||
rialtas áitiúil i bPoblacht na hÉireann | |||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | labour.ie | ||||
Bunaíodh é sa bhliain 1912. Ba iad Séamas Ó Conghaile, Séamas Ó Lorcáin agus William O'Brien a bhí i mbun a bhunaithe agus a bhí chun tosaigh i stair luath an pháirtí.
De réir Bhunreacht an Pháirtí, is páirtí sóisialach daonlathach é Páirtí an Lucht Oibre. Seasann siad ar son "saoirse, comhphobal, ionannas agus daonlathas". Meastar gurb ar an eite chlé atá an páirtí, agus iad ag tacú le cearta lucht oibre níos láidre, dáileadh níos cothroime den tsaibhreas, agus leibhéalta níos airde de chaitheamh poiblí. Meastar chomh maith gur páirtí liobrálach é i dtaobh na gceisteanna sóisialta, iad ag tacú mar shampla le haisghairm an ochtú leasú sa reifreann a ritheadh i bPoblacht na hÉireann i 2018.[1]
Is é an páirtí is sine i bPoblacht na hÉireann. Bhí sé sa rialtas seacht n-uaire ó bunaíodh é - gach uair mar bhall sóisearach de chomhrialtas. Bhí Pádraic Ó Coinín ina cheannaire ar an pháirtí idir 2002 agus 2007.
Faoi láthair, tá 7 suíochán acu i nDáil Éireann (6 ón olltoghchán agus ceann amháin buaite i bhfothoghchán), agus 5 i Seanad Éireann.
San Eoraip, tá siad ailínithe le Páirtí Sóisalach na hEorpa.
Cé go raibh tacaíocht áirithe ag an bpáirtí seo thuaidh agus theas, níor toghadh aon bhall dá chuid sna Sé Chontae. Chinn siad gan seasamh in éadan Shinn Féin sna toghcháin i 1918 agus i 1921 i dTuaisceart Éireann agus d'fhág sin nach raibh aon duine acu sa Dáil[2]. Is soiléir anois go raibh an polasaí ina chonstaic mhór ar pháirtí nua a thosú.
Ar 26 Bealtaine 2014, d'éirigh Mac Giollamóir mar cheannaire an pháirtí.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.