úrscéalaí agus file Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir a rugadh i mBaile Átha Cliath in Éirinn ab ea James Augustine Aloysius Joyce (gaelaítear a ainm mar Séamus Seoige scaití). (2 Feabhra 1882 – 13 Eanáir 1941).
Ba i mBéarla a scríobh sé a chuid saothair, ach feictear ina mhórshaothair ar nós Ulysses (1922) agus Finnegans Wake (1939) go raibh an-eolas aige ar nuatheangacha na hEorpa, beagán Gaeilge san áireamh, chomh maith le Laidin, Gréigis, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis agus mórán eile nach iad.[1]
Tá easaontas i measc lucht litríochta ar fheabhas chuid den scríbhneoireacht sna leabhair sin, mar go bhfuil an teanga casta, le meascán teangacha, agus mar gur i bhfoirm sruth smaointe atá cuid mhór de.
B'as Gaillimh a bhean, Nora Barnacle. Chas siad ar 16 Meitheamh 1904. Bhí mac (Giorgio, 1905) agus iníon (Lucia, 1907) acu. Phós Nora agus Joyce sa bhliain 1931.
Chaith Joyce cuid mhór dá shaol san Eoraip, i Zürich na hEilvéise (1915-1919), i dTrieste na hIodáile (1904-1915, 1919-1920) agus i bPáras na Fraince (1920-1941), sa chuid ba mhó. Fuair Joyce post i mbanc sa Róimh fosta (1906-1907) ach b'fhuath leis an chathair úd agus d'fhill seisean agus a theaghlach go Trieste i ndiaidh tamaill ghairid.
Bhí Joyce ar ais i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1912 agus a chéad leabhar, Dubliners, á fhoilsiú. Faraor géar gur chaill an clódóir a mhisneach ag an nóiméad deiridh agus dhóigh sé gach uile chóip den leabhar ‘graosta’. Níor leag Joyce cos in Éirinn arís go deo.[2]
Seans maith nach bhfeicfeadh Ulysses solas an lae murach gur iarr an file Ezra Pound ar Joyce teacht go Páras sa bhliain 1920. Dar leis an bheathaisnéisí Richard Ellmann, bhí Joyce le seachtain a chaitheamh i bPáras ach d’fhan sé ann ar feadh 20 bliain. Is ansin a chríochnaigh sé Ulysses.[2]
Cuireadh Ulysses amach i bhfoirm sraithe ar dtús, rud a thug deis do na húdaráis i Meiriceá agus i Sasana cosc a chur ar an úrscéal sular éirigh le Joyce é a chríochnú fiú. Bhí Joyce bocht in umar na haimléise. In 1921, bhuail sé isteach chuig Shakespeare and Company, siopa leabhar i bPáras chun a thrioblóidí a roinnt leis an úinéir, Sylvia Beach. Bean ar leith a bhí inti agus ba mhór an tacaíocht a thug sí do Joyce agus mhórscríbhneoirí an lae. D’fhoilsigh sí an leabhar ina iomláine ar an 2 Feabhra 1922.
Ghoill an glácóma air, agus é ag druidim le deireadh a shaoil ach go háirithe, agus bhí an-deacracht aige léamh profaí a dhéanamh ar a chuid leabhar.
Fuair sé bás i Zürich nuair a tháinig cóma air i ndiaidh obráid ar othras bréifneach. Nuair a fuair sé bás sa bhliain 1941, shocraigh polaiteoirí na hÉireann gan freastal ar an tsochraid agus ní bheadh fáil ar Ulysses in Éirinn go dtí na 1960idí.[2]
Is cinnte go raibh an-tionchar ag an stíl sin ar údair eile, agus go bhfuil an-éacht déanta aige i gcuid dá chuid cur síos.
Is cur síos ar lá amháin i saol fhir óig an chuid is mó de Ulysses, agus ceiliúrann lucht liteartha Bhaile Átha Cliath agus a gcairde Lá Bloom (Bloomsday) ar 16 Meitheamh in ómós do laoch an leabhair, Leopold Bloom.
I measc saothair eile James Joyce tá:
Bhí caidreamh casta crosta ag James Joyce leis an nGaeilge. Mar shampla, deir Stephen sa Portrait of the Artist as Young Man go mbeadh an Béarla i gcónaí mar “an acquired speech” aige.[3]
Dúirt Buck Mulligan in Ulyseesː
‘He’s English and he thinks we ought to speak Irish in Ireland. Sure we ought to, the old woman said, and I’m ashamed that I don’t speak the language myself. I’m told it’s a grand language by them that knows it’
Agus é ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath, chláraigh Joyce le cúrsa a bhí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus thug cúpla bliain ag foghlaim na teanga, an t-aon iarracht ‘foirmeáilte’ a dhein sé an teanga a shealbhú. Ba é Pádraig Mac Piarais a bhí ag teagasc ins na ranganna ar a bhfreastail Joyce agus ní róthógtha a bhí an Seoigheach lena chur chuige ná, go deimhin, leis na ranganna féin. Mheas an Piarsach gur den riachtanas é “to exalt Irish by denigrating English”; chuir an meon sin fearg ar Joyce.[3] Bhí an oiread sin gráin ag an ilteangach óg ar dhearcadh cúng claonta an mhúinteora gur gheall sé dó féin nach bhfoghlaimeodh sé an Ghaeilge go brách.[2]
Scríobh deartháir Joyce,Stanislaus faoin suim a chuir ‘Jim’ sa teanga timpeall an ama seo agus ar an urraim a thug sé di. De bharr a chumais, ba dheacair a shamhlú go bhféadfadh mórán dua bheith ag Joyce féin i mbun Gaeilge a fhoghlaim. D’fhoghlaim sé an Ioruais, mar shampla, chun go mbeadh ar a chumas saothar Ibsen a léamh sa teanga inar céadcheapadh é.[3]
Níl an chuma air go ndein Joyce puinn staidéir breise ar an nGaeilge sna blianta beaga i ndiaidh dó Éire a fhágáil in 1904. Ach tá fianaise ann gur threisigh a spéis sa teanga agus ina saíocht de réir mar a chuaigh sé in aois.[3]
Cé gur i mBéarla a scríobh an Seoigeach, maíonn Thomas Kinsella go bhfuil saothar Joyce mar chuid de shnáithe leanúnach traidisiúin litríochta na hÉireann: ‘…Yeats stands for the Irish tradition as broken; Joyce stands for it as continuous, or healed – or healing – from its mutilation’.[4][5]
Ach is díol suntais a laghad suime ar an mórgóir a bhíonn ag scoláirí Joyceacha sa Ghaeilge agus i litríocht na Gaeilge, “an extraordinary situation” i gcás Finnegan’s Wake, dar le Diarmuid Curraoin, “when one considers that, firstly, the author declares in the book Irish to be the second language of the ‘Wake’ and secondly, that there is hardly a page of the novel which does not contain at least one Irish language element”.[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.