tír san Eoraip From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír bheag thalamhiata atá suite in iarthar na hEorpa í an Eilvéis nó an Eilbhéis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na hEilvéise). Tá teorannacha aici leis an Ostair, le Lichtinstéin, leis an bhFrainc, leis an Iodáil, agus leis an nGearmáin.
An Eilvéis | |||||
---|---|---|---|---|---|
Schweizerische Eidgenossenschaft (de) Confédération suisse (fr) Confederazione Svizzera (it) Confederaziun svizra (rm) | |||||
|
|||||
Aintiún | Swiss Psalm | ||||
Mana | «Unus pro omnibus, omnes pro uno» | ||||
Ainmnithe in ómós | Schwyz | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Beirn | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 8,902,308 (2023) | ||||
• Dlús | 215.63 hab./km² | ||||
Déamainm | Eilvéiseach | ||||
Teanga oifigiúil | an Ghearmáinis an Iodáilis an Fhraincis an Rómainis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Eoraip Láir | ||||
Achar dromchla | 41,285 km² | ||||
Pointe is airde | Dufourspitze (4,634 m) | ||||
Pointe is ísle | Lake Maggiore (en) (193 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1 Lúnasa 1291 12 Meán Fómhair 1848 | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | directorial system (en) agus poblacht chónaidhme | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Comhairle Feidearálach na hEilvéise | ||||
Comhlacht reachtach | Federal Assembly of Switzerland (en) | ||||
• Uachtarán Chónaidhm na hEilvéise | Comhairle Feidearálach na hEilvéise | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Ard-Chúirt Fheidearálach na hEilvéise | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 807,706,035,352 $ (2022) | ||||
Buiséad | 89,700,000,000 Fr (2024) | ||||
Airgeadra | franc na hEilvéise | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ch agus .swiss | ||||
Glaochód | +41 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 117, 118, 144, 1414, 140 agus 145 | ||||
Cód tíre | CH | ||||
Cód NUTS | CH0 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | admin.ch | ||||
Tá ceithre theanga oifigiúil san Eilvéis: an Ghearmáinis (63,7 %), an Fhraincis (20,4 %), an Iodáilis (6,5 %) agus an Rómainis (0,5 %). Maidir leis an gcineál Gearmáinise a labhraítear san Eilvéis, is canúint neamhionann go leor í leis an Ard-Ghearmáinis atá in uachtar sa Ghearmáin.
Is tír shléibhtiúil í an Eilvéis. Roinntear an tír ina trí chuid: na Sléibhte Alpa, an tArdán Láir agus na Sléibhte Jura. I measc sléibhte cáiliúla na tíre, tá an Matterhorn. Tá na cathracha, Zürich agus an Ghinéiv mar shampla, ar an Ardán Láir, agus mar i gcéanna leis an gcuid is mó den daonra.
Cé go bhfuil an Eilvéis i lár na hEorpa idir tíortha a raibh cogaidh go leor ar siúl acu le linn na 19ú agus 20ú céad, tá beart eachtrach neodrach docht ag an tír le tamall fada. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar shampla, cé go labhraítear Gearmáinis ansin agus go mbíonn teorainn leis an Ostair, an nGearmáin agus an Iodáil (is é sin, tíortha na hAise) ann, ní raibh an Eilvéis rannpháirteach sa chogadh sin. Ní raibh an Eilvéis páirteach i gcogaíocht ón mbliain 1815 i leith.
Mar sin, ní ghlacann an Eilvéis páirt san Aontas Eorpach. Ní raibh an Eilvéis lánpháirteach sna Náisiúin Aontaithe go dtí an bhliain 2002. D'ainneoin traidisiún neodrachais na hEilvéise, ar 5 Meitheamh, 2005, ghlac vótálaithe Eilvéiseacha le Conbhinsiún Schengen.
Tá a lán eagraíochtaí idirnáisiúnta lonnaithe san Eilvéis. Bunaíodh an Chros Dhearg sa tír, sa Ghinéiv, sa bhliain 1863. Tá an dara grúpa oifigí is mó de chuid na Náisiún Aontaithe suite sa Ghinéiv.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.