From Wikipedia, the free encyclopedia
Cathair mhór san Eilvéis í an Ghinéiv (Fraincis: Genève, Gearmáinis: Genf, Iodáilis: Ginevra, Rómainis: Genevra, Franc-Phroibhinsis: Geneva), an dara cathair is mó sa tír de réir daonra tar éis Zürich agus an chathair is mó sa réigiún Romandie, an chuid den tíre ina labhraítear Fraincis mar phríomhtheanga. Suite san áit ina sníonn Abhainn na Róine amach as Loch na Ginéive, is í príomhchathair Chantún na Ginéive í.
An Ghinéiv | |||||
---|---|---|---|---|---|
Genève (fr) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Tír | an Eilvéis | ||||
Cantún san Eilvéis | cantún na Ginéive | ||||
Príomhchathair de | cantún na Ginéive (1815–) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 203,840 (2022) | ||||
• Dlús | 12,804.02 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhraincis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 15.92 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Róin, Arve agus Loch na Ginéive | ||||
Airde | 373.6 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 1201, 1202, 1203, 1204, 1205, 1206, 1207, 1208, 1209, 1211 agus 1200 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 22 | ||||
Swiss municipality code (en) | 6621 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | geneve.ch | ||||
Feictear ar an Ghinéiv inniu mar chathair dhomhanda, ós rud é go bhfuil roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta bunaithe sa chathair. Mar shampla, tá ceanncheathrú de chuid na Náisiúin Aontaithe agus an Chrois Dhearg san áit seo, agus is ann a síníodh Coinbhinsíuin na Ginéive.
Sa bhliain 2007, léirigh suirbhé de chuid Mercer Consulting go raibh an dara caighdeán maireachtála is airde ar domhain ag an Ghinéiv, tar éis Zürich, cathair eile san Eilvéis.
Ceaptar gur de bhunús Ceilteach é ainm na cathrach. "Genava" a thugtar uirthi i dtéacsanna ó ré na hImpireachta Rómhánaí.
Ba í Fraincis an teanga is comónta san Ghinéiv agus 72.3% (128,622 duine) á húsáid sa bhaile. Béarla an dara teanga is comónta le 4.4% (7,853). Spáinnis an tríú teanga is comónta le 4.2% (7,462). D'úsáid 4.1% (7,320) Iodáilis, 4% (7,050) Gearmáinis agus 113 Rómainis.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.