From Wikipedia, the free encyclopedia
Is cluiche ionsamhlóra leoraí é Euro Truck Simulator 2 forbartha agus foilsithe ag SCS Software. Foilsíodh é ar an 18ú Deireadh Fómhair 2012[1] agus tá sé ar fáil ar Microsoft Windows, Linux agus MacOS. Leanann sé an cluiche Euro Truck Simulator a foilsíodh sa bhliain 2008.
Tá níos mó ná 9 milliún cóip den chluiche díolta go dtí mí an Mhárta 2021.[2]
In Euro Truck Simulator 2, tiomáineann imreoirí leoraí ar fud na hEorpa. Roghnaíonn an t-imreoir cathair ar bith ar an léarscáil chun ceanncheathrú an chomhlachta a lonnú. Ar dtús, ní féidir an t-imreoir ach jabanna tapa a dhéanamh. Sna jabanna seo, oibríonn an t-imreoir mar fhostaí do chomhlacht seachadta agus cuirtear leoraí ar fáil le gach costas (breosla, dolaí, turas traenach nó báid) íoctha. Nuair a thuileann an t-imreoir a dhóthain airgid nó faigheann sé iasachtaí bainc, is féidir leis a leoraí féin a cheannach agus jabanna níos fearr a fháil lena leoraí féin. Is féidir an t-airgead a chaitheamh ar leoraithe nua a cheannach agus iad a shaincheapadh, tiománaí a fhostú agus garáistí a cheannach.
Faigheann an t-imreoir pointí taithí le haghaidh gach jab a chríochnaíonn sé. Tugtar pointí scile tar éis leibhéil a ardú. Is féidir na pointí scile a úsáid chun jabanna a fháil a bhfuil raganna éagsúla ADR ag teastáil dóibh; jabanna níos faide, le lastas speisialta, le lastas sobhriste nó jabanna práinneacha a dhéanamh. Ciallaíonn an dul chun cinn seo gur féidir leis an imreoir jabanna a íocann níos mó airgid a fháil.
Sa bhunchluiche, tá 71 chathair i 13 thír, níos mó ná 20 saghas lastais agus níos mó ná 13 chomhlacht Eorpach ficseanúil. Tá an Bheilg, an Eilvéis, oirthuaisceart na Fraince, an Ghearmáin, tuaisceart na hIodáile, an Ísiltír, an Ostair, iarthar na Polainne, an Ríocht Aontaithe (seachas Tuaisceart Éireann), an tSeic agus Bratasláiv sa tSlóvaic ar fáil.
Cuireann Euro Truck Simulator 2 na leoraithe ó na comhlachtaí seo agus a gcineálacha ar fáil:
Company | Model | Release date |
---|---|---|
DAF | DAF XF105 | Eisithe leis an gcluiche |
DAF XF Euro 6 | 11ú Samhain 2014[3] | |
DAF XG & DAF XG+ | 10ú Meitheamh 2021[4] | |
DAF XF 2021 | 14ú Nollaig 2021[5] | |
Iveco | Iveco Stralis | Eisithe leis an gcluiche |
Iveco Stralis Hi-Way | 9ú Iúil 2013[6] | |
MAN | MAN TGX Euro 5 | Eisithe leis an gcluiche |
MAN TGX Euro 6 | 8ú Feabhra 2019[7] | |
MAN TG3 TGX / MAN TGX 2020 | 16ú Bealtaine 2023[8] | |
Mercedes-Benz | Mercedes-Benz Actros | Eisithe leis an gcluiche |
Mercedes-Benz New Actros | 26ú Bealtaine 2015[9] | |
Renault | Renault Magnum | Eisithe leis an gcluiche |
Renault Premium | ||
Renault T | 26ú Meán Fómhair 2019[10] | |
Scania | Scania R 2009 | Eisithe leis an gcluiche |
Scania Streamline | 9ú Nollaig 2013[11] | |
Scania R 2016 | 1ú Nollaig 2017[12] | |
Scania S | ||
Volvo | Volvo FH16 (2009) / FH Classic | Eisithe leis an gcluiche |
Volvo FH16 (2012) | 24ú Deireadh Fómhair 2013[13] | |
Volvo FH16 (2020) | Le fógairt |
Ainm | Dáta eisithe | Tíortha nua/forbartha | Forbairtí eisithe tar éis an eisiúna an DLC |
---|---|---|---|
Going East | 20ú Meán Fómhair 2013[14] | An Pholainn An tSlóvaic An tSeic An Ungáir[15] |
An Ungáir: cathracha nua (Pécs agus Szeged) |
Scandinavia | 7ú Bealtaine 2015[16] | An Danmhairg An Iorua An tSualainn |
An tSualainn: cathrach nua (Kapellskär) |
Vive la France! | 5ú Nollaig 2016[17][18] | An Fhrainc | An Chorsaic An Fhrainc: cathracha nua (Lacq agus Bayonne)[lower-alpha 1] |
Italia | 5ú Nollaig 2017[19] | An Iodáil[20] | An tSairdín |
Beyond the Baltic Sea | 29ú Samhain 2018[21] | An Fhionlainn An Rúis An Eastóin An Laitvia An Liotuáin[22] |
|
Road to the Black Sea | 5ú Nollaig 2019[23] | An Rómáin An Bhulgáir An Tuirc[24][25] |
|
Iberia | 8ú Aibreáin 2021[26] | An Spáinn An Phortaingéil[27] |
An Spáinn agus An Phortaingéil: cathracha nua (Beja agus Soria[28]) |
Heart of Russia | Curtha siar[lower-alpha 2] | An Rúis[30] | |
West Balkans | Le fógairt | An Albáin An Bhoisnia-Heirseagaivéin An Chróit An Chosaiv Montainéagró An Mhacadóin Thuaidh An tSeirbia An tSlóivéin[31] |
Nótaí
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.