From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír Nordach í an Fhionlainn (Fionlainnis: Suomi, Sualainnis: Finland) nó Poblacht na Fionlainne, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil. Tá sí suite i dtuaisceart na hEorpa, idir an tSualainn agus Murascaill Bhotnia ar an taobh thiar, agus an Rúis ar an taobh thoir. Ar an taobh ó thuaidh di tá tuaisceart na hIorua, agus ó dheas tá Murascaill na Fionlainne. Breis-nóta: ní tír Lochlannach í an Fhionlainn, is gnáthbhotún é sin.
An Fhionlainn | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suomi (fi) Finland (sv) | |||||
|
|||||
Töölö bay (en) | |||||
Aintiún | Maamme | ||||
Mana | «I wish I was in Finland» «O na bawn yn y Ffindir» | ||||
Siombail oifigiúil | lile na ngleanntán, Betula pendula, béar donn, eala ghlórach, Peirse, bóín Dé sheachtbhallach, eibhear, Finnhorse (en) , Finnish Spitz (en) agus gormán cuilinn | ||||
Ainmnithe in ómós | Fionlannaigh | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Heilsincí | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 5,608,218 (2024) | ||||
• Dlús | 16.57 hab./km² | ||||
Déamainm | Fionlannach | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhionlainnis an tSualainnis | ||||
Reiligiún | Evangelical Lutheran Church of Finland (en) agus Eaglais Cheartchreidmheach na Fionlainne | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Fennoscandia (en) Na Stáit Nordacha Tuaisceart na hEorpa an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an tAontas Eorpach (1995–) | ||||
Achar dromchla | 338,478.34 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Bhailt | ||||
Pointe is airde | Halti (en) (1,324 m) | ||||
Pointe is ísle | Muir Bhailt (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Kingdom of Finland (en) | ||||
Cruthú | 6 Nollaig 1917 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Saoire phoiblí | |||||
Éarlamh | Henry | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Fionlainne | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na Fionlainne | ||||
• Uachtarán na Fionlainne | Kaarlo Juho Ståhlberg (1919–1925) | ||||
• Príomh-Aire na Fionlainne | Petteri Orpo (2023–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na Fionlainne | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 296,387,625,264 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .fi | ||||
Glaochód | +358 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 agus 116117 | ||||
Cód tíre | FI | ||||
Cód NUTS | FI | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | finland.fi | ||||
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Ní mór an chuid seo a athscríobh go hiomlán
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Bhí an tír faoi smacht na Sualainne ar feadh beagnach 700 bliain ón mbliain 1154 i leith. Thosaigh sé seo nuair a thug Rí Eric na Sualainne an Chríostaíocht isteach sa tír. Chuaigh an tSualannais ar aghaidh mar theanga cheannais de réir a chéile, ach tháinig Fionlannais i réim arís sa 19ú hAois, le borradh an náisiúnachais Fhionlannaigh a tháinig ar aghaidh nuair a scríobhadh síos eipic náisiúnta na tíre, an Kalevala.
Bhí cogadh idir an tSualainn agus an Rúis faoin Sár Alastair I, a d'fhág an tír i lámha na Rúise ó 1809 ar aghaidh, agus ceapadh ina hArd-Diúiceacht fhéinrialaithe í i 1812.
Ba faoin Impireacht na Rúise a d’fhan an tír go dtí Réabhlóid na Rúise, nuair a d’fhógair na Fionlannaigh neamhspleáchas ar an Nollaig 6ú 1917.
Lean cogadh cathartha gearr fuilteach é sin i 1918, rud a d'fhág a rian ar an bpolaitíocht áitiúil ar feadh na mblianta. I rith an Dara Chogaidh Dhomhanda, throid an Fhionlainn i gcoinne an Aontais Shóivéadaigh dhá uair: i rith Chogaidh an Gheimhridh (1939-1940) agus ansin ó 1941 go 1944 sa Chogadh a Lean. Lean an Cogadh Lappach é seo (1944-1945), nuair a throid an Fhionlainn i gcoinne Ghearmáin na Naitsithe.
I gconartha a síníodh i 1947 agus i 1948 leis an Aontas Sóivéadach, bhí dualgais agus srianta ar an bhFionlainn maidir leis an A.P.S.S., agus b'éigean don Fhionlainn talamh a thabhairt suas don Rúis. (Féach: An Conradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú, agus Chomhchuidiú.)
Mar gheall ar bhriseadh suas an Aontais Shóivéadaigh i 1991, bhí an Fhionlainn in ann a rogha féin a dhéanamh, agus chuaigh an tír isteach san Aontas Eorpach i 1995.
Tá na mílte loch sa tír, agus Loch Saimaa ar na cinn is mó agus is clúití acu. Amach ón gcósta, tá na mílte oileán. Is iad oileáin Åland, nó Ahvenanmaa, idir an Fhionlainn agus an tSualann, an t-oileánra is mó, agus tá cearta áirithe féinrialaithe acu.
Roinntear an Fhionlainn ina naoi réigiún déag (Fionnlainnis: maakunta, Sualainnis: landskap).
Gaeilge | Fionnlainnis | Sualainnis | Príomhchathair | Gníomhaireacht riaracháin |
---|---|---|---|---|
Laplainn na Fionlainne | Lappi | Lappland | Rovaniemi | Bardais na Laplainne |
An Ostrabóitne Thuaidh | Pohjois-Pohjanmaa | Norra Österbotten | Oulu | Tuaisceart na Fionlainne |
Kainuu | Kainuu | Kajanaland | Kajaani | Tuaisceart na Fionlainne |
An Chairéil Thuaidh | Pohjois-Karjala | Norra Karelen | Joensuu | Oirthear na Fionlainne |
An tSabhóin Thuaidh | Pohjois-Savo | Norra Savolax | Kuopio | Oirthear na Fionlainne |
An tSabhóin Theas | Etelä-Savo | Södra Savolax | Mikkeli | Oirthear na Fionlainne |
An Ostrabóitne Theas | Etelä-Pohjanmaa | Södra Österbotten | Seinäjoki | Iarthar agus Lár na Fionlainne |
Lár na hOstrabóitne | Keski-Pohjanmaa | Mellersta Österbotten | Kokkola | Iarthar agus Lár na Fionlainne |
An Ostrabóitne | Pohjanmaa | Österbotten | Vaasa | Iarthar agus Lár na Fionlainne |
Pirkanmaa | Pirkanmaa | Birkaland | Tampere | Iarthar agus Lár na Fionlainne |
Lár na Fionlainne | Keski-Suomi | Mellersta Finland | Jyväskylä | Iarthar agus Lár na Fionlainne |
Satakunta | Satakunta | Satakunta | Pori | Iardheisceart na Fionlainne |
Iardheisceart na Fionlainne | Varsinais-Suomi | Egentliga Finland | Túrcú | Iardheisceart na Fionlainne |
An Chairéil Theas | Etelä-Karjala | Södra Karelen | Lappeenranta | Deisceart na Fionlainne |
Päijät-Häme | Päijät-Häme | Päijänne-Tavastland | Lahti | Deisceart na Fionlainne |
Bun na Tabhastlainne | Kanta-Häme | Egentliga Tavastland | Hämeenlinna | Deisceart na Fionlainne |
An Nualainn | Uusimaa | Nyland | Heilsincí | Deisceart na Fionlainne |
Gleann Kymi | Kymenlaakso | Kymmenedalen | Kouvola | Deisceart na Fionlainne |
Oileáin Åland | Ahvenanmaa | Åland | Mariehamn | Åland |
Is iad na bardais (Fionlainnis: kunta; Sualainnis: kommun) bun-aonaid riaracháin na tíre. Tugann roinnt mhaith dóibh bailte no cathracha orthu féin chomh maith. Sa bhliain 2015, bhí 317 bardas ann.
Tá 5.471 milliún duine sa tír, tuairim is 556,330 acu i gcathair Heilsincí agus 1.2 milliún sa mhórchathair. Is í Túrcú in iardheisceart na tíre an dara cathair is mó, agus ba í príomhchathair na tíre í go dtí go ndearna dóiteán mór léirscrios air i dtús na naoú haoise déag. B'ansin a aistríodh an phríomhchathair go Heilsincí.
Meastar go bhfuil aon sauna amháin ann de réir gach triúir sa tír, agus is gnách sauna a bheith i ngach teach nó árasán. Tá tithe saoire ag go leor daoine, go minic sna ceantair cois locha in oirthear na tíre. Tá caighdeán an-ard maireachtála sa tír, agus áirítear córas oideachais na Fionlainne ar an gceann is fearr ar domhan. Tá ríomhairí pearsanta ag 64% de na teaghlaigh, agus ceangal Idirlín ag 51%. Tá gutháin phócaí ag 95% de na teaghlaigh.
Labhraíonn 93% den daonra Fionlannais, teanga nach mbaineann leis an ngrúpa Ind-Eorpach. Ceann de na teangacha Finne-Úgracha í. Tá Sualainnis ó dhúchas ag 6% de dhaonra na tíre, agus de ghnáth ní mheastar gur de náisiún eile Sualannaigh na Fionlainne, mar a thugtar orthu. Labhraíonn na Sami nó na Laplaigh teanga Fhinn-Úgrach dá gcuid féin, mar atá Sáimis. Labhraítear Cairéilis in áiteanna éagsúla chomh maith.
Baill den Eaglais Liútaránach is ea 85.1% den daonra de réir uimhreacha na bliana 2000. Baineann thart faoi 1% le hEaglais Cheartchreidmheach na Fionlainne. Baineann fíorbheagán le heaglaisí éagsúla Protastúnacha eile agus leis an gCaitliceachas, agus níl aon cheangal eaglasta ag 9%.
Baineann an chuid is mó de mhuintir na Fionlainne leis an Eaglais Liútaránach. Cuid mhór acu, ní thaobhaíonn siad aon teach pobail ach amháin le féilte móra na bliana a cheiliúradh. Na daoine atá gníomhach san Eaglais, bíonn baint ag a bhformhór le ceann de na gluaiseachtaí athbheochana taobh istigh den Eaglais. Bíonn difríochtaí nach beag idir na gluaiseachtaí seo, agus is ábhar iontais do go leor Fionlannaigh go bhféadfaidís treabhadh le chéile in aon eaglais amháin. Is iad lucht an Chráifeachais, nó Lucht na hAthmhúscailte, an ghluaiseacht is cóngaraí do phríomhshruth na hEaglaise, agus is ar éigean ar féidir iad a aithint mar "lucht creidimh" thar an ngnáth-Fhionlannach nach bhfuil suim aige i gcúrsaí creidimh. Níl siad róchosúil le lucht leanúna Laestadius, ar ghrúpa an-dian iad i gcleachtadh an chreidimh. Gluaiseacht iad lucht leanúna Laestadius atá bunaithe i dtuaisceart na tíre, chomh maith le ceantair thuaisceartacha na Sualainne agus na hIorua. Ainmníodh an ghluaiseacht as Lars Levi Laestadius, eolaí agus ministéir, a chuir go tréan in aghaidh an ólacháin sna ceantair thuaisceartacha agus i measc na Laplannach. Inniu féin, déanann na Laestaidiaigh a ndícheall le hólachán, comhriachtain roimh phósadh agus frithghiniúint a sheachaint. Mar sin, bíonn teaghlaigh móra acu.
Is féidir a rá go bhfuil an Fhionlainnis ann mar theanga scríofa ó chuir Mikael Agricola peann ar phár ar aistrúchán ar an Tiomna Nua sa Reifirméisean Protastúnach. Ní raibh mórán ann ar fiú a luaigh go dtí gur gcuireadh síol le gluaiseacht náisiúnta rómánsaíochta sa 19ú haois. Spreagadh an file Elias Lönnrot chun filíocht tíre Fionlannach agus Cairéalach a bhailiú le chéile, a eagrú agus a fhoilsiú i bhfoirm Kalevala, eipic náisiúnta na tíre. Níorbh fhada go raibh borradh filíochta agus úrscéalaíochta faoi lán seoil - Aleksis Kivi agus Eino Leino sa bFhionlainnis agus Johan Ludvig Runeberg agus Zachris Topelius sa tSualainnis.
Ar na scríbhneoirí comhaimseartha is mó tóir ná Arto Paasilinna, Ilkka Remes, Kari Hotakainen, Sofi Oksanen agus Jari Tervo.
Tá an-cháil ar cheol clasaiceach na Fionlainne, agus clú idirnáisiúnta ar chumadóirí mar Jean Sibelius agus Kaija Saariaho, amhránaithe mar Matti Salminen agus Karita Mattila, agus stiúrthóirí ceoil mar Esa-Pekka Salonen. Tá caisleán Savonlinna suite ar bhruach Loch Saimaa, áit a mbíonn Féile Opera Savonlinna gach bliain.
Cuirtear suim mhór sa phopcheol chomh maith, seánra traidisiúnta a thugtar Iskelmä air ach go háirithe. Tá gean ar leith ag na Fionlainnaigh ar rac-cheol, rac crua, agus miotal trom fiú. Tá slua mór de rac-bhannaí a bhain cáil amach sa tír agus ar fud na cruinne - Hanoi Rocks, HIM, Apocalyptica, Lordi, Korpiklaani, Sentenced, Sonata Arctica, Stratovarius, Turisas, Finntroll agus araile.
Tá cáil ar ailtirí na Fionlainne, freisin, mar shampla Eliel Saarinen, a mhac Eero Saarinen, agus Alvar Aalto.
Is é pesäpallo cluiche náisiúnta na Fionlainne. Cluiche liathróide atá ann, agus é an-chosúil le daorchluiche. Ar na gcluichí is mó ó thaobh lucht féachana de ná haca oighir, lúthchleasaíocht, sciáil trastíre, léimneach sciála agus Foirmle a hAon. Ní nach ionadh go bhfuil an-tóir ar spóirt gheimhridh go ginearálta.
Tá an-chuid bainte amach ag lúthchleasaithe na tíre - na reathaithe Hannes Kolehmainen, Paavo Nurmi, Ville Ritola agus Lasse Virén; na léimneoirí sciála Matti Nykänen agus Janne Ahonen; na sciálaithe trastíre Veikko Hakulinen, Eero Mäntyranta, Marja-Liisa Kirvesniemi agus Mika Myllylä; an rámhaí Pertti Karppinen; an gleacaí Heikki Savolainen; na himreoirí haca oighir Kimmo Timonen, Jari Kurri, Teemu Selänne agus Saku Koivu agus na sciálaithe Alpacha Kalle Palander agus Tanja Poutiainen. Chomh maith le sin, tá coirn idirnáisiúnta bainte amach sa scátáil fhíorach.
Bhí an Fhionlainn ina tír aíochta le haghaidh trí ollchomórtas idirnáisiúnta - mar atá Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh sa bhliain 1952 agus Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta an Domhain sna blianta 1983 agus 2005.
Tá iomrá ar an Fhionlainn mar thír as a thagann tiománaithe den chéad scoth - Keke Rosberg, Mika Häkkinen, Kimi Räikkönen, JJ Lehto agus Mika Salo i bhFoirmle a hAon agus na tiománaí railí Marcus Grönholm, Mikko Hirvonen, Sebastian Lindholm, Juha Salo, Juha Kankkunen agus Tommi Mäkinen.
Tá sacar ag dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana chomh maith. Tá sacar imeartha ag peileadóirí na tíre ag leibhéal is airde na hEorpa - Jari Litmanen, Sami Hyypiä, Mikael Forssell, Jussi Jääskeläinen, Antti Niemi, Mixu Paatelainen agus Aki Riihilahti san áireamh. Is í Veikkausliiga (Sualainnis: Tipsligan) an tsraith pheile is airde sa tír.
Cluiche eile atá ag dul i dtreis de réir a chéile ná cispheil. Ghlac foireann idirnáisiúnta na tíre páirt i gCorn Domhanda sa Spáinn sa bhliain 2014.
Is olltáirgeadh náisiúnta na Fionlainne €26,860 in aghaidh an duine, agus é níos airde ná olltáirgeadh na Gearmáine, na Sualainne agus na Ríochta Aontaithe. Sa bhliain 2003, b'olltáirgeadh intíre na Fionlainne €143 billiún ina iomláine, agus d'fhás sé 2.04 % ón mbliain dheireanach roimhe sin.
Tá gnólachtaí móra ríomhaireachta san Fhionlainn, ina measc Nokia. Bhí an sceanra ina tháirge tábhachtach freisin, ach inniu, tá gnólachtaí tábhachtacha sceanra na tíre, ar nós Fiskars i dTampere agus Marttiini, tar éis cuid mhór den obair a aistriú thar lear ar lorg costais níos lú.
Tá bonneagar bóthair d'ardchaighdeán fud fad na Fionlainne agus caitear timpeall aon bhilliún in aghaidh na bliana ar fhorbairt agus cothabháil.
Is é Aerfort Heilsincí príomh-aerfort na tíre, agus 16 milliún duine ag freastal air sa bhliain 2014. Is é Aerfort Oulu an dara ceann is mó, le thart ar scór eile dáilte ar fud na tíre.
Soláthraíonn an comhlacht stáit Grúpa VR (Fionlannis: VR-Yhtymä Oy, Sualainnis: VR-Group Ab) seirbhís iarnróid sa tír.
Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, is í an Fhionlainn an tír is forbartha san Aontas Eorpach ar fad, agus an cúigiú tír is forbartha ar domhan.[1] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar freisin gurb í an Fhionlann an tír is sona ar domhan, as 156 thír a tomhaiseadh.
Ar 4 Aibreán 2023, d'éirigh an Fhionlainn an 31ú ball de ECAT. Tír neodrach ab ea í an Fhionlainn ar feadh blianta fada ach chuir siad an neodracht sin ar leataobh anuraidh nuair a d’fhógair siad go raibh sé i gceist acu ballraíocht a fháil in ECAT, Rinneadh an cinneadh sin mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.