From Wikipedia, the free encyclopedia
Ailtire Fionlannach ab ea Gottlieb Eliel Saarinen (20 Lúnasa 1873 – 1 Iúil 1950) a bhain cáil amach as a chuid foirgneamh art nouveau i dtús an 20ú haois.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Leag sé amach plean forbartha do lár Heilsincí i stíl iarsmúil, plean nár cuireadh i gcrích riamh.
D'imigh sé go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá sna 1920í agus lean sé ag dearadh oifigí agus foirgneamh poiblí agus mar mhúinteoir ailtireachta.
Rinne Saarinen a chuid staidéar ar ailtireacht agus péintéireacht i Heilsincí, agus bhain sé amach a theastas ailtireachta i 1897. Maraon de beirt dá chairde ón ollscoil, Gesellius agus Lindgren, bhí cleachtadh ailtireachta ar bun aige cheana féin faoi 1896.
Ghlac Saarinen páirt sna comórtais idirnáisiúnta deartha le haghaidh Canberra, Budapest agus Taillinn (i1911–1913). Nuair a d'éirigh leis i gcomórtas le haghaidh an Túr an Chicago Tribune (1922) bhog Saarinen leis go Stáit Aontaithe Mheiriceá (1923). I measc mórthionscnamh eile, d'fhorbair sé coincheap agus dhear sé an láithreán ar fad ag an Cranbrook Academy of Art agus a scoil lámh le Detroit. Mhair sé anseo go dtína bhás i 1950. Le haghaidh seomra bídh uachtaráin an acadaimh (agus cé a bheadh ann ach é féin!) dhear sé an Chathaoir Shleasa chliútiúil, ceann dá shárshaothair, agus le haghaidh stiúideo a mhnaoi dhear sé an Chathaoir Ghorm (iad araon i 1929).
B'ailtire tábhachtach freisin a mhac Eero (1910–1961), duine de threoraithe na Stíle Idirnáisiúnta, mar a thugtar air.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.