tír i lár na hEorpa From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír mhór i lár na hEorpa í an Ghearmáin nó an Almáin[1] (Gearmáinis: Deutschland), nó Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Gearmáinis: Bundesrepublik Deutschland) go hoifigiúil, a raibh thart ar 83 milliún duine ina gcónaí inti sa bhliain 2019. Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, an Danmhairg, an Pholainn, an tSeic, an Ostair, an Eilvéis, an Fhrainc, Lucsamburg, agus an Bheilg. Is í Beirlín an phríomhchathair agus an chathair is mó, agus thart ar 3.7 milliún duine ina gcónaí inti sa bhliain 2021.
Tar éis ré na Naitsithe agus an Dara Cogadh Domhanda, roinneadh an tír ina ceithre limistéar, agus fuair gach cumhacht forghabhála a limistéar féin le rialú. Chuaigh na trí limistéar iartharacha, an ceann Francach, an ceann Meiriceánach, agus ceann na Breataine, le chéile ina "Trizone", nó limistéar aontaithe, agus i 1949, d'iompaigh an "Trizone" ina poblacht neamhspleách, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine nó an "Iar-Ghearmáin". An chuid den tír a bhí faoi smacht na Sóivéadach, bhain sí amach cineál neamhspleáchas freisin mar stát satailíteach ar cuireadh an Cumannachas i réim ann, is é sin, Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine. Fágadh an chuid iartharach de Bheirlín timpeallaithe ag críocha na "Poblachta Daonlathaí" nó na "hOir-Gearmáine", agus bhí caidreamh an dá Ghearmáin ina ábhar mór conspóide agus teannais idirnáisiúnta go dtí gur thit an tóin as an gcóras Cumannach i ndeireadh na n-ochtóidí. Daingníodh teorainn thiar na hOir-Ghearmáine leis na daoine a choinneáil istigh, agus sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath de Bheirlín leis an mbealach éalaithe deireanach a dhúnadh. Bhí rialtas na hOir-Ghearmáine ag obair sa leath thoir den chathair, ach ba í Bonn, cathair réasúnta beag cois na Réine in iarthar na Gearmáine, a bhí ina príomhchathair ag an bPoblacht Chónaidhme go dtí an t-athaontú sa bhliain 1990. Nuair a athaontaíodh an tír, aistríodh an phríomhchathair ar ais go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí ina gcónaí san Oir-Ghearmáin, le 63 milliún na Poblachta Cónaidhme, bhí an Ghearmáin ar an tír ba mhó is ba chumhachtaí i Lár na hEorpa arís, rud a chuir scanradh ar chuid mhaith de na comharsana, le taobhshúil ar an taithí a bhí acu ar an nGearmáin i ndiaidh dhá chogadh domhanda.
Bhí an tsean-Phoblacht Chónaidhme ina ballstát den Aontas Eorpach cheana féin, ó chuaigh sí sa Chómhargadh sna seascaidí. Mar sin féin, bhí difríochtaí móra le sárú leis an dá Ghearmáin a chomhdhlúthú. Tháinig méadú mór ar chostais an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud nár tháinig mórán feabhais air idir an dá linn, agus b'éigean do lucht rialtais na Gearmáine laghduithe móra a dhéanamh ar an mbuiséad leasa shóisialta, fiú nuair a bhí na Daonlathaigh Shóisialta (SPD) ag rialú na tíre.
Poblacht fheidearálach, pharlaiminteach, agus dhaonlathach is ea an Ghearmáin. Oibríonn córas polaitiúil na Gearmáine faoi chreat atá leagtha amach sa doiciméad bunreachtúil faoin ainm Grundgesetz (Dlí Bunúsach). De ghnáth, teastaíonn tromlach dhá thrian de bhaill uilig an dá dhlísheomra chun an Grundgesetz a leasú. Is iad prionsabail bhunúsacha an Grundgesetz, mar atá léirithe sna hairteagail a ráthaíonn dínit an duine, ná scaradh na gcumhachtaí, an struchtúr cónaidhmeach, agus riail an dlí a bheith bailí go suthain.
Tá dhá dhlísheomra ag an leibhéal feidearálach: an Bundestag, an teach íochtarach, agus an Bundesrat, an teach uachtarach. Is í an Bundestag an seomra is cumhachtaí díobh. Ó tharla an toghchán feidearálach is déanaí i 2021, tá ocht bpáirtí polaitíochta a bhfuil ionadú acu ann. Is iad na Daonlathaithe Sóisialta (daonlathach-sóisialach, lár-chlé), Comhghuaillíocht 90/Na Glasaigh (glas, lár-chlé), agus na Daonlathaithe Saora (liobrálach, lár-dheis) na trí pháirtí atá i mbun rialtais i láthair na huaire. Sa fhreasúra, tá an tAontas Daonlathach Críostach agus a bpairtnéirí an tAontas Sóisialta Críostach (Daonlathach-Críostach, lár-dheis), Rogha Eile don Ghearmáin (i bhfad amach ar an eite dheis), An Eite Chlé (sóisialach, fad-chlé), agus Cumann Vótóirí Schleswig Theas, páirtí a dhéanann ionadaíocht ar son na mionlach eitneach Danmhairgeach agus Freaslannach. Is ball de na Daonlathaithe Sóisialta é Seansailéir na Gearmáine, Olaf Scholz.
Is é geilleagar na Gearmáine an ceathrú ceann is mó ar domhan de réir OTI ainmniúla agus an cúigiú ceann de réir OTI PCC. Is í an tríú hearnáil an earnáil eacnamaíochta is mó: í ag cruthú 71% den OTI i gcomparáid le 28% ón dara hearnáil agus 1% ón chéad earnáil. Is í an Ghearmáin an tríú honnmhairteoir earraí is mó ar domhan[2], agus baineann sí sochar as a bheith ar ceann de na tíortha is lú éillithe ar domhan - an 10ú tír is fearr as 176 tír a tomhaiseadh, de réir Transparency International sa bhliain 2016.[3] I Mí Dheireadh Fómhair 2022, bhí ráta dífhostaíochta na tíre ar 3.0%, an tríú leibhéal ba lú san Aontas Eorpach.[4]
De réir Innéacs an Fhorbartha Dhaonna, Socraithe don Éagothroime, 2022 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an Ghearmáin an 8ú tír is fearr forbartha ar domhan, as 156 tír a tomhaiseadh.[5] Fágann sin í ar an gcúigiú tír is fearr forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh.
I dTuarascáil Sonas Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, measadh gurbh í an Ghearmáin an 15ú tír ba shona, as 156 tír.
I gcomparáid le tíortha móra eile san Aontas Eorpach, is onnmhairteoir mór í an Ghearmáin. Rinne an Ghearmáin onnmhairithe arbh fhiú 47% dá hOTI iad sa bhliain 2017, dar le World Factbook an CIA[6], i gcomparáid le 31% sa Fhrainc[7] agus san Iodáil[8] araon agus 30% sa Ríocht Aontaithe[9]. Ba iad innealra agus feithiclí na cineáil onnmhairithe ba mhó de réir luach airgid sa bhliain 2017.[10]
Ba é marg na Gearmáine a bhí in úsáid ó leasú an airgeadra (Die Währungsreform) sa bhliain 1948 go dtí gur tugadh an euro isteach sa bhliain 2002.
Tá clú agus cáil ar fhoirne sacair náisiúnta na Gearmáine, foireann na bhfear agus foireann na mban araon. Tá Corn an Domhain buaite ag foireann bhaineann na Gearmáine faoi dhó agus Craobh na hEorpa buaite acu ocht n-uaire; tá Corn an Domhain buaite ag foireann fhireann na Gearmáine nó na Gearmáine Thiar ceithre huaire agus Craobh na hEorpa trí huaire. Tá sraitheanna móra ag an nGearmáin, an Fußball-Bundesliga agus an Frauen-Bundesliga i gcomhair fir agus mná faoi seach.
Tá 16 stát nó Bundesländer (uatha: Bundesland) sa Ghearmáin.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.