From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Beirlín (Gearmáinis: Berlin) príomhchathair na Gearmáine, agus í ar an gcathair is mó sa tír sin, nó tá 3,496,293 duine ina gcónaí ansin (ó thús mí Meán Fómhair 2015); is ísliú é sin ón 4.5 mhilliún duine a bhíodh sa chathair roimh an Dara Cogadh Domhanda.
Beirlín | |||||
---|---|---|---|---|---|
Berlin (de) | |||||
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ghearmáin | ||||
Iamhchríoch laistigh de | Brandenburg | ||||
Príomhchathair de | an Ghearmáin (1990–) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 3,755,251 (2022) | ||||
• Dlús | 4,214.08 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Ghearmáinis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Berlin-Brandenburg Metropolitan Region (en) agglomeration of Berlin (en) | ||||
Achar dromchla | 891.12 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Spree, Großer Wannsee (en) , Lake Tegel (en) , Havel, Dahme, Müggelsee (en) , Aalemannkanal (en) , Neukölln Ship Canal (en) , Luisenstadt Canal (en) , Teltow Canal (en) , Landwehr Canal (en) , Westhafen Canal (en) , Gosen Canal (en) , Tegeler Fließ agus Berlin-Spandau Ship Canal (en) | ||||
Airde | 34 m | ||||
Pointe is airde | Arkenberge (121.9 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Alt-Berlin (en) , Beirlín Thoir agus Beirlín Thiar | ||||
Cruthú | 1244 | ||||
Eachtra thábhachtach | Fall of Berlin (en) (27 Deireadh Fómhair 1806) Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1936 (1936) Soviet Airstrike Against Berlin in 1941 (en) (1941) Cath Bheirlín (1945) fall of the Berlin Wall (en) (9 Samhain 1989) Landesbank Berlin scandal (en) (2001) | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Abgeordnetenhaus of Berlin (en) | ||||
• Governing Mayor of Berlin (en) | Kai Wegner (2023–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Bhunreachtúil Stát Bheirlín | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Buiséad | 28,000,000,000 € (2018) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 10115–14199 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 030 | ||||
Cód ISO 3166-2 | DE-BE | ||||
Cód NUTS | DE3 | ||||
German regional key (en) | 110000000000 | ||||
German municipality key (en) | 11000000 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | berlin.de… | ||||
Tá lár stairiúil na cathrach suite idir na haibhneacha úd Spree agus Havel, agus an stát cónasctha úd Brandenburg á timpeallú ó gach taobh.
Bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne sna 1940idí. Sna tréimhse 1949-1990, bhí an chathair dealaithe ina dhá cuid, Beirlín Thoir agus Beirlín Thiar. Ba í Beirlín Thoir príomhchathair Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne. Ba é dearcadh mhuintir na cathrach féin gur ceann de stáit de Phoblacht Chónasctha na Gearmáine a bhí ann, ach ní raibh na cumhachtaí forghabhála, an tAontas Sóivéadach ach go háirithe, sásta glacadh leis seo. Ba é polasaí Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach go háirithe, Selbständige Politische Einheit West-Berlin ("Slánaonad Polaitiúil Neamhspleách Bheirlín Thiar") a thabhairt ar an leath thiar den chathair.
Ar 24 Meitheamh 1948, d’ordaigh Stailín go ndruidfí gach bóthar, iarnród agus bealach uisce isteach go Beirlín Thiar. Tugadh ‘fadhbanna teicniúla’ mar fháth oifigiúil ar an chinneadh seo.
Sa bhliain 1949, tharla aertharlú chun Beirlín Thiar a shábháil. Tógadh dhá mhilliún tona earraí isteach le linn na tréimhse seo. Cuireadh deireadh leis ar 12 Bealtaine 1949.[1].
Sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath den chathair.
Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, ceann de na siombailí ba chumhachtaí don athrú mór seo ab ea an dóigh ar chuir an chosmhuintir an balla de dhroim an tsaoil.
Ar an 23 Eanáir 1990 thosaigh an rialtas sa Ghearmáin Thoir ag leagadh Bhalla Bheirlín chun na píosaí is fearr le graifítí a dhíol.[2] Ar an 13 Meitheamh 1990 thosaigh saighdiúirí teorann sa Ghearmáin Thoir ag leagadh Bhalla Bheirlín go hoifigiúil.[3]
Mar gheall ar an spórt i mBeirlín, is iad Hertha BSC agus 1. FC Union Berlin a imríonn sa dara sraith, Zweite Bundesliga, na clubanna sacair a bhfuil an cáil is mó orthu. Tá clú agus cáil ar Alba Berlin mar fhoireann cispheile.
Tá an chathair roinnte in dhá cheantar déag ar a dtugtar Bezirke nó Verwaltungsbezirke (ceantair riaracháin), mar seo a leanas:
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.