An Astráil

tír san Aigéine From Wikipedia, the free encyclopedia

An Astráil

Is tír í an Astráil atá le fáil idir an tAigéan Ciúin agus an tAigéan Indiach, agus í ar an oileán is mó ar domhan. Is é Anthony Albanese an Príomh-Aire faoi láthair.

Fíricí Gasta Aintiún, Mana ...
An Astráil
Australia (en-au)
Thumb Thumb
Bratach Armas
Thumb

AintiúnAdvance Australia Fair (19 Aibreán 1984)

Mana«There's NOTHING like Australia» (2010)
Siombail oifigiúilAcacia pycnantha agus ópal
Ainmnithe in ómósTerra Australis Incognita
Suíomh
Thumb
Thumb Thumb
 25° S, 133° E

PríomhchathairCanberra
Daonra
Iomlán26,473,055 (2023)
 Dlús3.44 hab./km²
Líon na dteaghlach10,852,208 (2021)
DéamainmAstrálach
Teanga oifigiúilBéarla na hAstráile
teanga chomharthaíochta na hAstráile
Reiligiúnluach ar iarraidh
Tíreolaíocht
Cuid deMIKTA
An Astraláise
Australia and New Zealand (en)
Comhlathas Briotanach
Achar dromchla7,692,024 km²
 Uisce0.8 %
Tomhas4,000 km  () × 3,860 km  () default
Imeallbhord34,000 km
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Indiach, South Pacific Ocean (en) , Great Australian Bight (en) , Caolas Bass, Muir Tasman, an Mhuir Choiréil, Muir Arafura agus Muir Thíomór
Pointe is airdeMawson Peak (en) (2,745 m)
Pointe is ísleLoch Eyre (−15 m)
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Cruthú1 Eanáir 1901
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisrepresentative democracy (en) , monarcacht bhunreachtúil agus stát cónaidhme
Comhlacht feidhmiúcháinAustralian Government (en)
Comhlacht reachtachParlaimint na hAstráile
 Monarc na hAstráile William McKell (1947–1953)
 Príomh-Aire na hAstráile Anthony Albanese (2022–)
Údarás breithiúnach is airdeArd-Chúirt na hAstráile
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil1,675,418,665,067 $ (2022)
OTI ainmniúil in aghaidh an duine54,348.23 $ (2019)
Onnmhairí iomlána464,925,000,000 $ (2022)
AirgeadraDollar na hAstráile
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.au
Glaochód+61
Uimhir theileafóin éigeandála000, 112 agus 106
Cód tíreAU
Eile

Suíomh gréasáinaustralia.gov.au
Dún

Tháinig daoine chun cónaithe sa tír timpeall 40,000 bliain ó shin ar a laghad, sinsir na mBundúchasach atá anois ann. Chruthaigh siad a lán cultúr casta, agus tá a gcuid teangacha ar na cinn is ársa ar domhan. De réir a chéile rinneadh fásach de chuid mhaith den tír, cé go raibh an t-oirthear torthúil go maith i gcónaí.

Ar éigean a bhí eolas ag Eorpaigh ar an Astráil go dtí an seachtú haois déag. Ghlac an Captaen James Cook seilbh ar an tír in ainm na Breataine sa bhliain 1778, agus tugadh New South Wales ar an limistéar thoir mar a raibh an chéad choilíneacht. De réir a chéile bunaíodh coilíneachtaí eile timpeall na tíre, agus rinneadh aon tír amháin díobh, Comhlathas na hAstráile, sa bhliain 1901.

De bhunadh Shasanach agus Éireannach cuid mhór den daonra, ach pobal an-mheasctha atá ann anois, go háirithe sna cathracha, agus neart teangacha le cloisteáil, cé gurb é an Béarla an príomhtheanga[1]. Ba mhór an babhta ar na Bundúchasaigh teacht na nEorpach, agus fuair mórán acu bás de ghalracha agus den lámh láidir, ach tugtar aitheantas anois dá ndúchas.

Córas cónaidhme atá ann, sé stát agus dhá chríoch, agus cúpla oileán ina gcríocha spleácha. Tá timpeall os cionn 20 milliún duine sa tír, agus os cionn 70% de na daoine ina gcónaí i ndeich cinn de na cathracha. Is í an Bhanríon Eilís II ceann an Stáit go fóill, cé nach bhfuil sa Choróin ach comhartha stairiúil anois, agus súil ag mórán daoine go ndéanfar poblacht den Astráil feasta.

Tíreolaíocht

Tá beagnach leath na hAstráile ina fásach agus tá cuid mhaith den fhuílleach neamhthorthúil. Tír ársa shíonchaite atá i gceist, agus ní maith an fód atá ar an gcuid is mó di. Ní raibh ach 15% den talamh oiriúnach don fheirmeoireacht nuair a tháinig na hEorpaigh i ndeireadh an 18ú haois, agus ní bheadh ach 10% insaothraithe anois. San Oirthear atá an talamh is méithe agus an méid uisce is mó, ach rinne na chéad fheirmeoirí díobháil mhór don timpeallacht. Anois, áfach, tá feirmeoirí na hAstráile an-oilte ar thairbhe a bhaint as a gcuid talaimh.

Bhíodh coillte móra in oirdheisceart na tíre, ach leagadh an chuid ba mhó díobh sa 19ú haois. Crainn eocalaipe (a dtugtar crainn ghuma orthu) an cineál is coitianta, agus iad ag cur go maith le tír thirim agus le tinte coille. In oirthuaisceart na tíre tá iarsmaí na gcoillte fearthainne. Meastar gur fhág modhanna cliste dóiteáin na mBundúchasach rian buan ar leagan amach agus ar nádúr na gcoillte.

Tá aird ag an bpobal agus ag na polaiteoirí araon ar chúrsaí comhshaoil anois, ach is cosúil go mbeidh an tír thíos go mór leis an téamh domhanda, agus a laghad sin uisce ann.

Na Stáit

Thumb
Stáit agus críocha na hAstráile
  1. New South Wales, príomhchathair: Sydney
  2. Queensland, príomhchathair: Brisbane
  3. An Astráil Theas, príomhchathair: Adelaide
  4. An Tasmáin, príomhchathair: Hobart
  5. Victoria, príomhchathair: Melbourne
  6. An Astráil Thiar, príomhchathair: Perth

Na Críocha Intíre

  1. Críocha an Tuaiscirt, príomhchathair: Darwin
  2. Críoch Phríomhchathair na hAstráile, príomhchathair: Canberra


Daonáirimh na hAstráile

Thumb
Tá an chathair is mó san Astráil, Sydney, daonra de 4,667,283.
Thumb
Melbourne, le daonra de 4,246,345 é, dara chathair is mó san Astráil.

De réir na mblianta a leanas:

Tuilleadh eolais Bliain, Daonra ...
Bliain Daonra
An Coilíneachtaí Breataine na hAstráile
1828 36,598 (20,870 lonnaitheoir saor agus 15,728 daoránach)
1881 2,250,194
Comhlathas na hAstráile
1901 3,773,801
1911 4,455,005
1921 5,435,700
1971 12,755,638
1976 13,548,450
1996 17,892,423
2001 18,972,350
2006 19,855,288
2014 23,703,848
Dún
  • Beirtear duine amháin gach dhá nóiméad:
  • Faigheann duine amháin bás gach trí nóiméad agus dó is tríocha soicind;
  • Tagann inimirceach nua gach dhá nóiméad agus cúig soicind;
  • Mar gheall air seo tá an daonra ag fás san Astráil de réir aon duine amháin gach dhá nóiméad is dhá shoicind déag.[2]

Flóra na hAstráile

Thumb
Is é an caolach órga (Acacia pycnantha, "Golden Wattle" i mBéarla) bláth náisiúnta na hAstráile.

Leabhair

  • Denoon, Donald, et al. (2000). A History of Australia, New Zealand, and the Pacific. Oxford: Blackwell. ISBN 0-631-17962-3.
  • Hughes, Robert (1986). The Fatal Shore: The Epic of Australia's Founding. Knopf. ISBN 0-394-50668-5.
  • Macintyre, Stuart (2000). A Concise History of Australia. Cambridge, U.K.: Cambridge University Press. ISBN 0-521-62359-6.
  • Powell JM (1988). An Historical Geography of Modern Australia: The Restive Fringe. Cambridge, U.K.: Cambridge University Press. ISBN 0-521-25619-4.
  • Robinson GM, Loughran RJ, and Tranter PJ (2000) Australia and New Zealand: economy, society and environment. London: Arnold; NY: OUP; 0-340-72033-6 páipéar 0-340-72032-8 crua).

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.