Lá ANZAC

From Wikipedia, the free encyclopedia

Lá ANZAC

Is Lá Náisiúnta Cuimhneacháin é Lá ANZAC san Astráil agus sa Nua-Shéalainn. Ceiliúrtar Lá ANZAC gach bliain ar an 25 Aibreán, nuair a rinne na trúpaí Astrálacha agus Nua-Shéalannacha ionradh ar an Tuirc sa bhliain 1915, "feachtas Gallipoli".

Fíricí Gasta Cineál, Ainmnithe in ómós ...
Lá ANZAC
Thumb
Cineálsaoire phoiblí
day of remembrance (en)
Ainmnithe in ómósAustralian and New Zealand Army Corps (en)
Comóireann séFeachtas Gallipoli
Bailíocht1916 - 
25 Aibreán
TírAstráil agus an Nua-Shéalainn
Dún
Thumb
Mustafa Kemal ag Gallipoli lena chuid saighdiúirí, 1915

Ar fiannas sa Chéad Chogadh Domhanda

Ar 8 Eanáir 1915 d'ionsaigh fórsaí na Ríochta Aontaithe Caolas na nDardanelles, agus iad ag iarraidh Iostanbúl a bhaint amach trí Leithinis Gallipoli.

Theip ar longa na Breataine briseadh tríd an gcaolas. Chinn na Briotanaigh mar sin ar thrúpaí a chur i dtír.

Bhí Rannán a Naoi Déag ar garastún i nGallipoli agus Mustafa Kemal i lár an aonaigh dá bharr. Nuair a tháinig fórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (ANZAC - "Australian and New Zealand Army Corps") i dtír ar 25 Aibreán 1915 san áit a bhfuil "ANZAC Cove" uirthi inniu, bhí fórsaí na Tuirce rompu, le Kemal Atatürk i mbun. Bhí na "Anzacs" faoi léigear.

Thumb
Atatürk, agus Cheannasaí an Airm (1918).

Spreag Mustafa Kemal a chuid saighdiúirí leis na focail seo:

Ordaím daoibh cath a chur, ordaím daoibh bás a fháil. Ag fáil bháis dúinn tabharfaimid deis do shaighdiúirí agus do cheannasaithe eile teacht sa bhearna bhaoil.

Le teacht na hoíche bhí dhá mhíle Anzac marbh agus iad ag iarraidh teannta a gcos a choinneáil ar an gcladach. Bhí siad sáinnithe ar an trá go ceann dhá sheachtain eile agus maraíodh duine as gach triúr.

Comóradh

Dúirt Michael D. Higgins, a raibh fiche Ceann Stáit eile ina chuideachta ag “Searmanais Chomórtha Gallipoli” ar 23 Aibreán 2015, "b’fhéidir go raibh rud éigin i bhfeachtas ionsaitheach Gallipoli, agus ina chur i gcrích anacrach, a léirítear mar eachtra nach bhfuil de chúiteamh ann ach an t-aiféala, an fearg agus, b’fhéidir, admháil na ciontachta óna húdair."[1]

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.