Olltoghchán na hÉireann, 2011
From Wikipedia, the free encyclopedia
Reáchtáladh Olltoghchán na hÉireann, 2011 ar an 25 Feabhra 2011. Toghadh 166 Teachta Dála, an 31ú Dáil Éireann.[1]
Bhí Brian Ó Comhain, Fianna Fáil, mar Thaoiseach roimh an toghchán, i gcomhrialtas leis an gComhaontas Glas. Mar gheall ar an ghéarchéim airgeadais a bhí ann ó 2008, ceapadh go raibh Fianna Fáil chun go leor suíochán sa Dáil a chailliúint.
Chaill Fianna Fáil 50 as na 71 suíochán a bhí acu roimh ré, an toghchán is measa a bhí ag rialtas Éireannach riamh. Bhuaigh Fine Gael 77 suíochán sa Dáil agus ba iad an páirtí is mó sa 31ú Dáil, mar sin. Bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre 37 suíochán agus bhuaigh Sinn Féin níos mó suíocháin chomh maith.