Fianna Fáil
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is páirtí polaitiúil é Fianna Fáil i bPoblacht na hÉireann. Tá siad ar an bpáirtí is mó i rialtas na hÉireann: tá séúr airí sinsearacha acu as cúigear déag, agus tá a gceannaire, Mícheál Ó Máirtín, ina Thánaiste i láthair na huaire. Fuair an páirtí 22.2% de na vótaí céad-rogha agus 37 suíochán Dála in Olltoghchán 2020, iad sa dara háit ó thaobh vótaí agus iad ag roinnt na céad áite le Sinn Féin ó thaobh suíochán.
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | FF ![]() |
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas Críostaí Eorpachas Poblachtánachas in Éirinn ![]() |
Ailíniú polaitíochta | lárnachas ar dheis ón lár ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 23 Márta 1926 Bealtaine 1926 16 Bealtaine 1926, Capitol Cinema ![]() |
Bunaitheoir(í) | Éamon de Valera ![]() |
Gníomhaíocht | |
Ball de | Alliance of Liberals and Democrats for Europe Party (en) ![]() Union for Europe of the Nations (en) ![]() ![]() |
Ballraíocht | 21,600 (2015) ![]() |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Mícheál Ó Máirtín ![]() |
Eile | |
Dath | ![]() |
Suíomh gréasáin | fiannafail.ie ![]() |
Inniu, dearctar go ginearálta ar Fhianna Fáil mar páirtí atá ar an eite lár-dheis ó thaobh na heacnamaíochta de, agus iad ag tacú le cánacha ísle agus polasaithe a thacaíonn leis na gnólachtaí; ach iad ag tacú le caiteachas níos airde ar na seirbhísí poiblí, ar an tithíocht, agus ar an gcosaint shóisialta i gcomparáid lena dteastaíonn ón bpáirtí traidisiúnta eile in Éirinn, Fine Gael. Ar cheisteanna sóisialta, meastar go bhfuil Fianna Fáil sách coimeádach, agus an chuid is mó de Théachtaí Dála an pháirtí, mar shampla, ag tacú le vóta 'Níl' sa reifreann ar aisghairm an 8ú leasú (en). Tacaíonn an páirtí go láidir le ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, agus tá siad páirteach sa ghrúpa 'Athnuachán', grúpa láir agus liobrálach, i bParlaimint na hEorpa