Ó Mheán Fómhair 2004 bhí sé ina Aire Airgeadais, roimhe seo b'é an tAire Gnóthaí Eachtracha. Ar an 9 Aibreán2008 d'éirigh sé ina cheannaire ar an bpáirtí Fianna Fáil. Bhí sé ina Thánaiste ón 14 Meitheamh2007 go dtí gur toghadh é mar Thaoiseach. Ar an 22 Eanáir2011 d'éirigh sé as mar cheannaire Fhianna Fáil ag lua cainteanna a bhí aige lena mhuintir agus le polaiteoirí eile mar chúis leis.
Toghadh Brian Ó Comhain don Dáil don chéad uair i 1984 tar éis bháis a athar, a bhí ina TD sa dáilcheantar céanna. Ní raibh sé ach 24 bliain d'aois ag an am. Fuair an Teachta Ó Comhain 26,022 vótaí ina chéad toghchán i 1984, rud nach ndearna sé arís ó shin.
Nuair a toghadh é mar Uachtarán Fhianna Fáil in Aibreán 2008, thug sé cuid mhaith dá óráid i nGaeilge[1]:
"I dtosach báire, ba mhaith liom labhairt i mo theanga dhúchais. Is mór an onóir dom ceannaireacht an pháirtí a ghlacadh agus táim fíor-bhuíoch do mo chomh-pholaiteóirí, mo chairde, a roghnaigh mé don post fíorthábhachtach seo.
Ó bhíos ar scoil, tá grá agam don teanga agus tá sé ar intinn agam gach tacaíocht a thabhairt do fhorbairt na Gaoluinne amach anseo. Cé nach féidir linn go léir ár dteanga a labhairt go líofa, táim cinnte go bhfuilimid báúil di. De bharr go bhfuil cónaí orainn ar oileán atá ar imeall na hEorpa, níl brú orainn Gaoluinn a labhairt. Dá mbeimís lonnaithe i lár na hEorpa táim cinnte go mbeadh Gaoluinn már (sic) chéad teanga againn mar bheimís ag éisteacht le teangacha éagsúla agus in iomaíocht leo.
Is cuid dár gcultúr dár n-oidhreacht, dár bhféinionannas í, ár dteanga agus caithimidne, baill Fhianna Fáil, tréaniarracht a dhéanamh chun Gaoluinn a chur chun cinn.
Sar i bhfad beimid ag plé Chonradh Liospóin agus tá sé de dhualgas orainn teanga bhinn ár sinsear a fhorbairt agus féin-aitheantas mhuintir na hÉireann a chothú.
Sé atá á mholadh agam ná stádas na teanga a ardú agus sochaí na tíre a spreagadh agus a ghríosadh chun cuspóirí ár sinsear a bhaint amach."
Scaoil bainc na hÉireann, 2008
Thug Brian Ó Comhain isteach barántas iomlán na mbanc ar an 29/30 Meán Fómhair 2008. Chinn sé, in éineacht le Brian Lenihan, at t-aire airgeadais, teacht i gcabhair ar bhainc chomhlachais na tíre a bhí sna croití deireanacha, agus luach €440 billiún i gceist le scéim ráthaíochta na mbanc.[2]