Páirtí an Lucht Oibre (Éire)
páirtí polaitíochta in Éirinn / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is páirtí polaitiúil Éireannach é Páirtí an Lucht Oibre (Béarla: The Labour Party ).
![]() | |
Aintiún | The Red Flag ![]() |
---|---|
Sonraí | |
Ainm gearr | Lab ![]() |
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas sóisialach ![]() |
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1912 |
Bunaitheoir(í) | Séamus Ó Conghaile ![]() |
Gníomhaíocht | |
Ball de | Páirtí na Sóisialaithe Eorpach An tAontas Forásach Idirnáisiúntas Sóisialach ![]() |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Alan Kelly (2020–) ![]() |
Dáil Éireann | 7 / 160 |
Seanad Éireann | 4 / 60 |
rialtas áitiúil i bPoblacht na hÉireann | |
Eile | |
Dath | ![]() |
Suíomh gréasáin | labour.ie ![]() |
Bunaíodh é sa bhliain 1912. Ba iad Séamas Ó Conghaile, Séamas Ó Lorcáin agus William O'Brien a bhí i mbun a bhunaithe agus a bhí chun tosaigh i stair luath an pháirtí.
De réir Bhunreacht an Pháirtí, is páirtí sóisialach daonlathach é Páirtí an Lucht Oibre. Seasann siad ar son "saoirse, comhphobal, ionannas agus daonlathas". Meastar gurb ar an eite chlé atá an páirtí, agus iad ag tacú le cearta lucht oibre níos láidre, dáileadh níos cothroime den tsaibhreas, agus leibhéalta níos airde de chaitheamh poiblí. Meastar chomh maith gur páirtí liobrálach é i dtaobh na gceisteanna sóisialta, iad ag tacú mar shampla le haisghairm an ochtú leasú sa reifreann a ritheadh i bPoblacht na hÉireann i 2018.[1]
Is é an páirtí is sine i bPoblacht na hÉireann. Bhí sé sa rialtas seacht n-uaire ó bunaíodh é - gach uair mar bhall sóisearach de chomhrialtas. Bhí Pádraic Ó Coinín ina cheannaire ar an pháirtí idir 2002 agus 2007.
Faoi láthair, tá 7 suíochán acu i nDáil Éireann (6 ón olltoghchán agus ceann amháin buaite i bhfothoghchán), agus 5 i Seanad Éireann.
San Eoraip, tá siad ailínithe le Páirtí Sóisalach na hEorpa.