From Wikipedia, the free encyclopedia
Reáchtáladh Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2024 i dTuaisceart Éireann ar an 4 Iúil 2024. Fuair Sinn Féin an sciar is mó den vóta riamh agus rinneadh scrios ar an DUP, a chaill trí shuíochán in iomláine.[1]
Cineál | grúpa toghchán | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2024 | |||
Dáta na bliana | 4 Iúil 2024 | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Baint le limistéar údaráis | Tuaisceart Éireann | |||
Oifig le buachan | Ball den 59ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe (18) | |||
Iarrthóir | Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann (117,191) Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (86,861) Páirtí Aontachtach Uladh (94,779) Páirtí Aontachtach Daonlathach (172,058) Sinn Féin (210,891) Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe (48,685) An Comhaontas Glas i dTuaisceart Éireann (8,692) Aontú (7,466) polaiteoir neamhspleách (23,602) An Páirtí Coimeádach (553) Comhghuaillíocht an Phobail roimh Bhrabús (8,438) Cross-Community Labour Alternative (en) (624) | |||
Iarrthóir ar éirigh leis/léi | Sinn Féin Páirtí Aontachtach Daonlathach Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann Páirtí Aontachtach Uladh Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe polaiteoir neamhspleách | |||
18 suíochán a bhí le líonadh sa Tuaisceart do Pharlaimint Westminster. Bhí 136 iarrthóir ag seasamh iontu le bheith ina bhfeisire parlaiminte i dTeach na dTeachtaí.[2] Bhí iarrthóirí ag seasamh ar son 11 páirtí ar fad agus tá naonúr ag seasamh san olltoghchán mar iarrthóirí neamhspleácha.[3][4]
Sa toghchán in 2019, fuair an PAD 8 suíochán, Sinn Féin 7 gcinn, an PSDLO dhá shuíochán agus ceann amháin a fuair Páirtí na Comhghuaillíochta.[5]
Bhí an Right Honourable Sir Jeffrey Donaldson PC, agus iar-cheannaire PAD, cúisithe i gcionta gnéasacha a bhí bainteach "leis an am a chuaigh thart". Ar an 3 Iúil, an lá roimh an olltoghchán, rinneadh cinneadh cúirte faoi Donaldson agus a bhean chéile Lady Eleanor; rialaigh breitheamh i gcúirt san Iúr i gCo an Dúin go raibh dóthain fianaise ann le Donaldson a chur ar a thriail faoi chionta gnéasacha, éigniú ina measc.[6]
In 2024, fuair Sinn Féin seacht suíochán, an líon céanna agus a bhí acu sa pharlaimint in 2019, sna toghcheantair chéanna.
Bhuaigh an DUP cúig shuíochán, seachas na hocht gcinn a bhí acu in 2019.
Fuair an TUV (Páirtí Aontachtach Uladh) agus Páirtí na Comhghuaillíochta suíochán amháin. B'é an t-aontachtaí Alex Easton an t-aon iarrthóir neamhspleách a toghadh. Sa Dún Thuaidh ar Stephen Farry ó Pháirtí na Comhghuaillíochta a rinne sé an éadáil.
Sinn Féin
B'iad feisirí Shinn Féin John Finucane (Béal Feirste Thuaidh); Paul Maskey (Béal Feirste Thiar); Pat Cullen (Fear Manach agus Tír Eoghain Theas); Cathal Mallaghan (Lár-Uladh): Dáire Hughes (An tIúr agus Ard Mhacha); Chris Hazzard (An Dún Theas); agus Órfhlaith Begley (Tír Eoghain Thiar). Feisirí nua ba ea Pat Cullen, Cathal Mallaghan agus Dáire Hughes.
DUP
B'iad feisirí an DUP. Gavin Robinson (Béal Feirste Thoir); Sammy Wilson (Aontroim Thoir); Gregory Campbell (Doire Thoir); Jim Shannon (Loch Cuan); agus Carla Lockhart (An Bhanna Uachtarach). Mar leis na trí shuíochán a chaill an DUP,[7]
SDLP
Choinnigh an SDLP an dá shuíochán a bhí acusan in 2019. B'iad Colum Eastwood (An Feabhal) agus Claire Hanna (Béal Feirste Theas agus an Dún Láir) beirt fheisirí an SDLP.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.