polaiteoir Briotanach (a rugadh in 1962) From Wikipedia, the free encyclopedia
Is polaiteoir Briotanach[1] de chuid Thuaisceart Éireann é an Right Honourable Sir Jeffrey Mark Donaldson PC (a rugadh ar an 7 Nollaig 1962). Tá sé ina fheisire parlaiminte Westminster do thoghcheantar Ghleann an Lagáin ó 1997.
Bhí sé mar cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh ó 2021 go 2024, nuair a bhuail scannal é agus d'éirigh sé as. Níor éirigh sé as, mar sin féin, a shuíochán i dTeach na dTeachtaí (Westminster).
Luaitear Donaldson le heite mheasartha an pháirtí (an eite lenar bhain Arlene Foster chomh maith).
As Cill Chaoil i gcontae an Dúin é Donaldson.
Ba chol ceathrar leis, Samuel Donaldson, an chéad phóilín a maraíodh i bpléasc de chuid an IRA le linn na dTrioblóidí.[2] Labhair sé féin cheana faoin tubaiste sin agus dúirt gurbh é an marú sin a spreag é le dul leis an bpolaitíocht.
Sé bliana déag a bhí sé nuair a lean nós a mhuintire agus ghlac ballraíocht san Ord Oráisteach agus ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach i Reisimint Chosanta Uladh (UDR), mar a rinne a athair roimhe. Bhí sé san UDR idir 1981-1985.[3]
Bhí Donaldson ina ghníomhaire toghlaigh ag an bhfeisire Enoch Powell ó 1983 go 1985.
Chuaigh Donaldson isteach le Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus é ina fhear óg.
Bhí Donaldson ina ghníomhaire toghlaigh ag an bhfeisire Enoch Powell ó 1983 go 1985, polaiteoir Sasanach agus sean-chaomhach frith-inimirce a bhí i bhfad amach ar an eite dheis, .[4]
Ní raibh sé ach 22 bliain d’aois nuair a toghadh é i bhfothoghchán chun an Tionóil in Stormont i 1985, an duine ab óige riamh a fuair suíochán ansin.[2]
Dúirt Donaldson go bhfuil seisean beo inniu, a bhuíochas do ghníomhaire (Donald Donaldson b'fhéidir) a thug foláireamh dó faoi ionsaí a bhí beartaithe air.[5]
I mí Bealtaine 1997, bhí sé tofa don chéad uair mar theachta parlaiminte (Westminster) do Gleann an Lagáin.
Bhí aighneas idir é féin agus ceannaire a pháirtí, David Trimble faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 agus shiúil sé amach ó chainteanna na síochána mar nár aontaigh sé gur cheart príosúnaigh phoblachtacha agus aontachtacha a shaoradh sula raibh a dtéarma príosúin déanta acu.
In 2003, d’fhág Donaldson, Arlene Foster agus Norah Beare an UUP agus ghlac sé ballraíocht sa DUP in Eanáir 2004.
Rinne Banríon Eilís Shasana ridire de Donaldson in 2016 mar aitheantas ar a chuid oibre i saol na polaitíochta. Bhí sé ina phríomhaoire agus ina urlabhraí ar an gcosaint agus ar chúrsaí gnó ag an DUP in Westminster.[2]
I mí an Mheithimh 2021, bhí Donaldson ceaptha ina cheannaire ar an DUP. Ceapadh é gan toghchán mar nach raibh aon iarrthóir eile ann.
Tháinig Donaldson i gcomharbacht ar Edwin Poots a d'éirigh as mar cheannaire an DUP.[6] Bhí rún ag an am ag Donaldson éirí as a shuíochán in Westminster le bheith ina cheannaire ar an DUP in Stormont.[2]
D'éirigh Donaldson as an cheannaireacht ar an 29 Márta 2024 nuair a chúisíodh é i gcionta gnéis. Níor éirigh sé as, mar sin féin, a shuíochán i dTeach na dTeachtaí. Bhí a bhean, Eleanor Donaldson, 57 bliain d'aois ag an am, cúisithe chomh maith agus ní raibh cead acu labhairt lena chéile ar chor ar bith idir 28 Márta - 23 Aibreán 2024. Ghabh bleachtairí de chuid Sheirbhísí Póilíneachta Thuaisceart Éireann an bheirt ar an 28 Márta.[7]
Shéan Donaldson na "líomhaintí stairiúla" ina aghaidh go láidir. Chuir Donaldson na cuntais go léir atá aige ar na meáin shóisialta ar ceal.[8] Chuaigh sé go dtí a árasán i Londain ar an lá céanna (ní raibh cead aige a bheith ina chónaí lena bhean níos mó).[9]
Bhí ballraíocht Donaldson sa DUP curtha ar fionraí láithreach bonn. Ceapadh leascheannaire an pháirtí, Gavin Robinson, mar cheannaire eatramhach.[7]
Tháinig Donaldson os comhair cúirte san Iúr i gCo an Dúin ar an 23 Aibreán 2024. Aon chúis déag san iomlán a bhí curtha ina leith. Éigniú agus gníomh ró-mhígheanasach le leanbh is ea péire acu, agus bhain na naoi gcinn eile le hionsaí mígheanasach ar bhaineannach. Bhí beirt íospartach ann agus go ndearnadh na cionta ag tráthanna éagsúla idir Eanáir 1985 agus Nollaig 2006.[10]
Bhí Eleanor Donaldson os comhair na cúirte chomh maith agus ceithre chúis curtha ina leith. Bhain dhá cheann de na cúiseanna sin le cuidiú agus neartú le duine in éigniú agus ionsaí mí-ghnéasach, eachtraí a líomhnaítear a tharla idir an 1 Eanáir 1985 agus an 31 Nollaig 1991 (ach phós na Donaldson in 1987).[11]
Ar an 3 Iúil 2024, chinn an Breitheamh Eamonn King sa chúirt dúiche san Iúr go raibh dóthain fianaise curtha ar fáil le Donaldson agus a bhean a chur ar triail.[12]
Phós Eleanor Cousins agus Jeffrey Donaldson ar an 26 Meitheamh 1987. Tá beirt iníonacha acu, Claire (a rugadh timpeall 1990) agus Laura (a rugadh timpeall 1992).[13][14][3] Bhí baint ag Claire Donaldson leis na feachtais ghinmhillte sna 2010idí.[15][16]
Is Preispitéireach é Donaldson.
In 2019 dúirt Donaldson nach bhfuil rud ar bith i gcoinne na Gaeilge ag an DUP. Dúirt sé gur choinnigh Preispitéirigh an teanga beo nuair a bhí sí i mbaol báis.
Ach mhaígh Donaldson sa bhliain 2019 go mbeadh veto ag an DUP maidir leis na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfí ar fáil don phobal faoi aon reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach mar chuid de mhargadh Stormont.[2]
Dúirt Donaldson i mí an Mheithimh 2021 gurb é an prótacal faoi Mhuir Éireann an bhagairt is mó ag an am do Thuaisceart Éireann.[17]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.