polaiteoir Briotanach (rugadh 1965) From Wikipedia, the free encyclopedia
Is polaiteoir aontachtach é Edwin Poots, (a rugadh ar an 27 Bealtaine 1965). Is ball é de Pháirtí Aontachtach Daonlathach. Ba Chomhalta den Tionól Reachtach é do Gleann an Lagáin, ó 1998 go 2022. Is Comhalta den Tionól Reachtach é do Béal Feirste Theas, ó 7 Márta 2022[1].
Sa bhliain 2021, toghadh Poots ina cheannaire ar an DUP tar éis dó an ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic Jeffrey Donaldson. 36 feisire ar fad atá ag an bpáirtí ag an am, agus vótáil 19 díobh ar son Edwin Poots agus 17 ar son Jeffrey Donaldson.[3]
Cúpla seachtain níos déanaí, ghlac Edwin Poots - trí mhainneachtain ar aon chuma - le cinneadh Rialtas na Breataine a fógraíodh go deireanach aréir Acht Gaeilge a rith i Westminster mura rithfí é i Stormont faoi dheireadh Mheán Fómhair.[4] Ach bhí formhór fheisirí an pháirtí ar buile faoi.
Ar 18 Meitheamh 2021, d'éirigh Poots as mar cheannaire an DUP tar éis d'fhormhór fheisirí an pháirtí cur in aghaidh a chinnidh Céad-Aire a ainmniú ainneoin a gcuid míshástachta faoi chinneadh Rialtas na Breataine Acht Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart. Ag cruinniu, chuir formhór fheisirí comhthionóil agus parlaiminte an DUP a míshástacht in iúl faoi chur chuige cheannaire an pháirtí. Vótáil 24 den 28 feisire comhthionóil agus seachtar den ochtar feisire parlaiminte ag an gcrunniú in aghaidh a raibh beartaithe ag Edwin Poots.[4]
Is cruthaíochtaí é Poots.[5] Ní ghlacann sé le teoiric éabhlóide Darwin. Creideann sé gur cruthaíodh an domhan 6,000 bliain ó shin agus ní raibh na dineasáir ann riamh.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.