Polaiteoir i dTuaisceart Éireann agus ceannaire den Pháirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO) From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir i dTuaisceart Éireann is ea Colum Eastwood (a rugadh ar an 30 Aibreán 1983), a bhí ina cheannaire ar an bPáirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO)[1] idir 14 Samhain 2015 - 5 Deireadh Fómhair 2024. Toghadh é do Thionól Thuaisceart Éireann sa bhliain 2011[2] agus mar MP in 2019. Toghadh é arís san Olltoghchán 2024.[3]
Toghadh Eastwood chun Chomhairle Cathrach Dhoire sa bhliain 2005, agus toghadh é ar feadh téarma bliana mar Mhéara Dhoire i Meitheamh 2010. In aois a 27, ba é an méara is óige sa chathair go dtí sin..[4]
Tar éis é a bheith tofa do Thionól Thuaisceart Éireann i mBealtaine 2011, ceapadh Eastwood mar Ionadaí an PSDLO ar Choiste Oifig an Chéad Aire agus an Leas-Chéad-Aire. Suígh sé ar an Choiste um Chaighdeáin agus Pribhléidí.
Ar an 14 Samhain 2015, chuaigh sé san iomaíocht sa toghchán ceannaireachta a bhí ar siúl ag Comhdháil Bhliantúil an PSDLO agus fuair sé an lámh in uachtar ar an sealbhóir, Alasdair McDonnell, le 172 vóta in aghaidh 133.
Toghadh é mar fheisire parlaiminte thoghcheantar an Fheabhail atá sa bhliain 2019, tráth a thóg sé an suíochán ar ais ó Shinn Féin ar son an SDLP le móramh de 17,000 vóta. Atoghadh é san olltoghchán i mí Iúil 2024 le móramh de 4,000 vóta.[5]
Ar an 29 Lúnasa 2024, d'fhógair Eastwood go foirmiúil go raibh sé le héirí as a chúram mar cheannaire an Pháirtí.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.