Mearcair (dúil)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Dúil cheimiceach is ea an mearcair nó an t-airgead beo, agus is í an uimhir adamhach atá aige sa tábla peiriadach ná 80. Tá sé 200.59 g/mol ar mheáchan adamhach, agus cuirtear in iúl é sna foirmlí ceimiceacha leis an ngiorrúchán Hg, atá bunaithe ar an bhfocal Laidine hydrargyrum. Is é an mearcair an t-aon mhiotal amháin atá ina leacht le teocht agus brú an tseomra, agus is dúil nimhiúil é nach féidir leis an gcolainn dhaonna aon úsáid ná leas a bhaint aisti. Tá an mearcair in aon ghrúpa leis an tsinc agus an caidmiam i dtábla peiriadach na ndúl.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach, miotal agus superconducting element (en) |
---|---|
Mearcair sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Hg |
Uimhir adamhach | 80 |
Mais adamhach | 200.592 |
Cumraíocht leictreon | [Xe] 4f¹⁴ 5d¹⁰ 6s² |
Peiriad, Grúpa | peiread 6 mercury (II) reductase activity (en) grúpa 12 tailings (en) |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | 13.6 kg/m⁻³ |
Leáphointe | −37.89 agus −38.83 |
Fiuchphointe | 674.11 |
Ga ianach | 1.19, 0.69, 0.96, 1.02 agus 1.14 |
Stair | |
Eapainm | Mearcair, uisce agus airgead |
Tá seacht n-iseatóp nádúrtha ag an mearcair, mar atá, 196Hg (0.15 % de mhearcair an dúlra), 198Hg (9.97 % de mhearcair an dúlra), 199Hg (16.87 %), 200Hg (23.1 %), 201Hg (13.18 %), 202Hg (29.86 % - an t-iseatóp is flúirsí), agus 204Hg (6.87 %).
Tá mearcair ar fáil ar fud an domhain, go háirithe i bhfoirm cionnabair, is é sin, suilfíd mhearcair nó HgS. Cosúil leis na comhdhúile mearcair go léir, is nimh dhainséarach é an cionnabar, ach mar sin féin, baintear úsáid as mar ábhar datha (dathlí) i bhfoirm phúdraithe ar a dtugtar flanndearg. Is féidir leas a bhaint as an miotal féin agus as a chuid comhdhúl ar a lán bealaí eile. Mar sin, úsáidtear mearcair miotalach i dteirmiméadair, i mbaraiméadair, i manaiméadair agus i sfigmeamanaiméadair - is é sin, i ngléasanna a thomhaiseann teocht nó brú. Tugtar malgaim ar chóimhiotail a bhfuil mearcair iontu, agus cuirtear malgam sna fiacla, mar shampla, leis na bearnaí a líonadh. Inniu, áfach, táthar buartha brónach faoi chomh dainséarach is atá an mearcair don duine, agus dá réir sin, táthar ag éirí as úsáid an mhearcair a fhad agus is féidir.
Is dual don mhearcair meascadh tríd na miotail eile agus cóimhiotail - malgaim - a dhéanamh leo. Tá an t-iarann ar an mbeagán miotal nach malgamaítear, agus mar sin, is gnách mearcair a choinneáil i gcoimeádáin iarainn.
Triathmhiotal é an mearcair. Is é sin, ní féidir leis na gnáthaigéid é a chreimeadh. Teastaíonn aigéad nítreach nó sulfarach leis an mearcair a ocsaídiú.
Tá dhá uimhir ocsaídiúcháin ag an mearcair, mar atá, +1 (na comhdhúile mearcarúla) agus +2 (na comhdhúile mearcaracha). Sa chuid is mó de na comhdhúile mearcarúla tá nasc comhfhiúsach idir an dá adamh mearcair, agus mar sin, is é an t-ainian atá iontu ná Hg+-Hg+. Is é an calaiméal - an chlóiríd mhearcarúil - Hg2Cl2, nó HgCl - an ceann is tábhachtaí de na comhdhúile mearcarúla.
Maidir leis na comhdhúile mearcaracha, is í an chlóiríd mhearcarach HgCl2 an ceann is tábhachtaí acu. Sna laethanta a bhí ba nós í a úsáid mar leigheas ar an tsifilis, ach nuair a tháinig na hantaibheathaigh ar an bhfód, d'éirigh na dochtúirí as an mearcair mar chógas, ós rud é gur nimh láidir atá ann.