Mearcair (miotaseolaíocht)
dia Rómhánach na dtrádálaithe agus taistil From Wikipedia, the free encyclopedia
Mórdhia i miotaseolaíocht na Rómhánach ba ea Mearcair (Laidin: Mercurius), agus é ar cheann desna 12 Dii Consentes sa phaintéón. Is é dia an bhrabúis, an deisbhéalaí, teachtaireachtaí, cumarsáide (tairngreacht san áireamh), turasóirí, teorainneacha, an áidh, cleasaíochta agus gadaithe. Is é fosta treoraí anamacha chun an alltair.[1][2]
Mercurius | |
---|---|
![]() | |
Cineál | dia Rómhánach dia an tsaibhris |
Comhthéacs | |
Miotaseolaíocht | creidimh na Sean-Róimhe |
Dáta | |
Inscne | fireann |
Muintir | |
Lánúin | Larunda (en) agus Rosmerta (en) |
Athair | Iúpatar |
Leanaí | Evander of Pallene (en) agus Cúipid |
Eile | |
Cuid de | creidimh na Sean-Róimhe agus Dii Consentes (en) |
Siombail | Mercurius by Jean-Baptiste Pigalle (en) agus Mercurius (en) |
Comhionann | Heirméas, Abianus (en) , Cimiacinus (en) , Arcecius (en) , Aguaecus (en) , Dubnocaratiacus (en) agus Solitumarus (en) |

Chreideadh na Rómhánaigh gur mac é le Maia (iníon as seachtar leis an Tíotán, Atlas) agus Iúpatar, é sin nó le Caelus agus Dies.[3] Ó thús a scéil, is amhlaidh go raibh gaol aige leis an dia Éatrúscach, Turms. Tá ag an dá dhia tréithe dála an dé Ghréagaigh, Heirméas. Feictear é go minic agus an cadúicéas ina láimh chlé aige, bronnta air, i dtosach mar slat draíochta, ag Apalló.

Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.