láithreoir raidió agus teilifíse Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Láithreoir teilifíse Éireannach as an Uaimh i gContae na Mí is ea Hector Ó hEochagáin nó Hector. Bíonn cláir á gcur i láthair aige ar TG4 agus ar RTÉ. D'admhaigh sé le déanaí ar The Podge and Rodge Show go bhfuil 'Shane' mar chéadainm bunaidh aige. Tá éirithe leis suim nua a spreagadh i measc an phobail i leith na Gaeilge, leis an stíl láithreoireachta chraiceáilte bhríomhar réchúiseach atá aige i leith chúrsaí an tsaoil. Bíonn cláir á gcur i láthair aige anois as Gaeilge agus as Béarla.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Lúnasa 1969 54 bliana d'aois An Uaimh, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig |
Áit chónaithe | Gaillimh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | láithreoir teilifíse |
Fostóir | TG4 Raidió Teilifís Éireann |
Teangacha | An Ghaeilge |
Tógadh é san Uaimh, i gContae na Mí agus d'fhreastail sé ar Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig sa bhaile sin. Bhí sé ar scoil ann ag an am céanna leis na fuirseoirí clúiteacha ón Uaimh, Dylan Moran agus Tommy Tiernan. D'fhoghlaim sé an chuid is mó dá chuid Gaeilge i nGaeltacht Ráth Cairn le Coláiste na bhFiann sa chontae céanna agus in Inis Meáin. D'fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide ar feadh tamaill, ach níor thaitin saol na hollscoile leis agus d'éirigh sé as gan céim a fháil. Chuaigh sé go dtí an Spáinn lena chailín agus chaith sé trí bliana ansin, áit ar éirigh sé líofa sa Spáinnis.[1]
Sular bhain sé cáil amach mar láithreoir ar TG4, d'oibrigh an tEochagánach mar chúntóir éifeachtaí teicniúla ar an gclár 'The Haunting of Hell House' agus ar an gclár 'Knocking on Death's Door'.
Seo a leanas a chuid oibre mar láithreoir teilifíse ó shin:
Spreag Ó hEochagáin conspóid nuair a chuir sé as do dhaoine atá i gcoinne spórt fola, nuair a léirigh sé a mheas agus a shuim i dtarbhchomhrac ar an gclár Amú, agus é i Meicsiceo.[3]
Tá cónaí air i gcathair na Gaillimhe faoi láthair lena bhean chéile agus a bheirt mhac.