polaiteoir Éireannach, an 10ú Taoiseach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is polaiteoir Éireannach é Pádraig Parthalán Ó hEachthairn (Patrick Bartholemew Ahern as Béarla), nó Bertie Ahern mar a thugtar air de ghnáth, a rugadh ar an 12 Meán Fómhair 1951. D'ob é an 10ú agus 11ú Taoiseach (ceann Rialtais na hÉireann) ó 26 Meitheamh 1997 go dtí 6 Bealtaine 2008. Tháinig sé i gcomharbacht ar Sheán de Briotún i 1997. D'fhógair sé go n-éireodh sé as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil ar 2 Aibreán 2008 de bharr an bhrú a bhí ag teacht air ó Bhinse Fiosraithe Mahon. Tháinig Brian Ó Comhain i gcomharbacht air.
Níos túisce, chaith sé sealanna ag feidhmiú mar an Aire Airgeadais agus an Aire Saothair.
Saolaíodh Bertie Ó hEachthairn i nDroim Conrach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, agus is san áit seo a chaith sé a shaol ar fad go dtí an lá inniu. Is eisean an duine is óige de chúigear, mac le Con agus Julia Ahern, as Contae Chorcaí don bheirt. Phós a thuismitheoirí i mí Dheireadh Fómhair 1937, agus chuireadar fuathú in Ascaill an Teampaill i nDroim Conrach, áit ina chaithfidís iomlán a saolta.
D'éirigh Ahern as sa bhliain 2008 nuair a bhí an tóin ag titim as An Tíogar Ceilteach.
Thug Bertie Ahern, an Taoiseach ó 1997 go 2008, fianaise “dhochreidte” don Bhinse sa bhliain 2007.[1] Bhí 'rath fáistine' ag Ahern.[2][3] De bharr an bhrú a bhí ag teacht air ón mbinse fiosraithe, d'fhógair Ahern go n-éireodh sé as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil ar 2 Aibreán 2008
Sa bhliain 2012 chuir Binse Fiosrúcháin Mahon ina leith cuir inis Ahern bréaga leis an mbinse i dtaobh a chuir airgid phearsanta.
D'éirigh Ahern as Fianna Fáil i ngeall air seo, is tar éis gur iarr Mícheál Ó Máirtín ar an bpáirtí Ó hEachthairn a ruaigeadh. Glacadh isteach sa pháirtí arís é i 2022, tráth a rabhthas ag tuairimiú go raibh faoi rith don Uachtaránacht.[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.