Bronntar Duais Nobel na Litríochta gach bliain ar shár-scríbhneoir i bprós, drámaíocht nó filíocht .
Fíricí Gasta Cineál, Ainmnithe in ómós ...
Dún
Bonn 1975 ag Richard Renninger
Bhain ceathrar scríbhneoirí Éireannacha Duais Nobel amach: William Butler Yeats (sa bhliain 1923), George Bernard Shaw (1925), Samuel Beckett (1969), agus Seamus Heaney (1995). Rugadh an chéad triúr acu i mBaile Átha Cliath .
2019: Peter Handke , an Ostair
2018: Olga Tokarczuk , an Pholainn
2017: Kazuo Ishiguro , gearrscéalaí agus scríbhneoir, an Ríocht Aontaithe
2016: Bob Dylan , údar agus ceoltóir, Stáit Aontaithe Mheiriceá
2015: Svetlana Aleksievich , scríbhneoir agus iriseoir, an Bhealarúis
2014: Patrick Modiano , úrscéalaí, an Fhrainc
2013: Alice Munro , gearrscéalaí, Ceanada
2012: Mo Yan , úrscéalaí, an tSín
2011: Tomas Tranströmer , file, an tSualainn
2010: Mario Vargas Llosa , úrscéalaí, Peiriú
2009: Herta Müller , úrscéalaí, an Ghearmáin agus an Rómáin
2008: Jean-Marie Gustave Le Clézio , úrscéalaí, an Fhrainc
2007: Doris Lessing , scríbhneoir, an Ríocht Aontaithe
2006: Orhan Pamuk , úrscéalaí, an Tuirc
2005: Harold Pinter , drámadóir, Sasana
2004: Elfriede Jelinek , úrscéalaí, an Ostair
2003: J.M.Coetzee , úrscéalaí, an Afraic Theas
2002: Imre Kertész , úrscéalaí, an Ungáir
2001: V.S.Naipaul , úrscéalaí agus scríbhneoir aistí agus leabhar taistil, An Tríonóid agus Tobága
2000: Gao Xingjian , úrscéalaí, an tSín
1999: Günter Grass , úrscéalaí, an Ghearmáin
1998: José Saramago , úrscéalaí, an Phortaingéil
1997: Dario Fo , drámadóir, an Iodáil
1996: Wisława Szymborska , file, an Pholainn
1995: Seamus Heaney , file, Éire
1994: Kenzaburo Ōe , úrscéalaí agus gearrscéalaí, an tSeapáin
1993: Toni Morrison , úrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá
1992: Derek Walcott , file, na hIndiacha Thiar
1991: Nadine Gordimer , úrscéalaí agus gearrscéalaí, an Afraic Theas
1990: Octavio Paz , file agus scríbhneoir aistí, Meicsiceo
1989: Camilo José Cela , úrscéalaí, an Spáinn
1988: Naguib Mahfouz , úrscéalaí, An Éigipt
1987: Joseph Brodsky , file, An tAontas Sóivéadach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
1986: Wole Soyinka , drámadóir, file agus úrscéalaí, An Nigéir
1985: Claude Simon , úrscéalaí, An Fhrainc
1984: Jaroslav Seifert , file, An tSeicslóvaic
1983: William Golding , úrscéalaí, Sasana
1982: Gabriel García Márquez , úrscéalaí agus gearrscéalaí, An Cholóim
1981: Elias Canetti , úrscéalaí, dírbheathaisnéisí agus scríbhneoir aistí, Sasana/An Bhulgáir (rugadh sa Bhulgáir é, agus Spáinnis Ghiúdach mar theanga dhúchais aige, ach b'í an Ghearmáinis teanga a chuid scríbhneoireachta)
1980: Czesław Miłosz , file, scríbhneoir aistí agus úrscéalaí, An Pholainn/Stáit Aontaithe Mheiriceá
1979: Odysseus Elytis , file, An Ghréig
1978: Isaac Bashevis Singer , úrscéalaí, An Pholainn/Stáit Aontaithe Mheiriceá
1977: Vicente Aleixandre , file, An Spáinn
1976: Saul Bellow , úrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá (rugadh i gCeanada é)
1975: Eugenio Montale , file, An Iodáil
1974: Eyvind Johnson , úrscéalaí, An tSualainn; agus Harry Martinson , úrscéalaí agus file, An tSualainn
1973: Patrick White , úrscéalaí, gearrscéalaí, file agus drámadóir, An Astráil
1972: Heinrich Böll , úrscéalaí, gearrscéalaí, An Ghearmáin
1971: Pablo Neruda , file, an tSile
1970: Aleksandr Solzhenitsyn , úrscéalaí, drámadóir, file agus staraí an Stailíneachais, An tAontas Sóivéadach
1969: Samuel Beckett , drámadóir, úrscéalaí, Éire agus an Fhrainc
1968: Yasunari Kawabata , úrscéalaí, an tSeapáin
1967: Miguel Ángel Asturias , úrscéalaí, Guatamála
1966: Shmuel Yosef Agnon , úrscéalaí, Iosrael; agus Nelly Sachs , file agus drámadóir, an tSualainn (scríbhneoir Giúdach Gearmáinise a d'éalaigh ó na Naitsithe go dtí an tSualainn)
1965: Mikhail Sholokhov , úrscéalaí, an tAontas Sóivéadach
1964: Jean-Paul Sartre , fealsamh, an Fhrainc
1963: Giorgos Seferis , file, an Ghréig
1962: John Steinbeck , úrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá
1961: Ivo Andrić , úrscéalaí, An Iúgslaiv
1960: Saint-John Perse , file, An Fhrainc
1959: Salvatore Quasimodo , file, An Iodáil
1958: Boris Pasternak , file agus úrscéalaí, an tAontas Sóivéadach
1957: Albert Camus , úrscéalaí, an Fhrainc
1956: Juan Ramón Jiménez , file, an Spáinn
1955: Halldór Laxness , úrscéalaí agus drámadóir, an Íoslainn
1954: Ernest Hemingway , gearrscéalaí, úrscéalaí agus iriseoir, Stáit Aontaithe Mheiriceá
1953: Winston Churchill , dírbheathaisnéisí, staraí agus polaiteoir, Sasana
1952: François Mauriac , úrscéalaí, an Fhrainc
1951: Pär Lagerkvist , úrscéalaí, an tSualainn
1950: Bertrand Russell , fealsamh, Sasana
1949: William Faulkner , úrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá
1948: Thomas Stearns Eliot , file, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Sasana
1947: André Gide , úrscéalaí, an Fhrainc
1946: Hermann Hesse , úrscéalaí, gearrscéalaí agus file, An Ghearmáin agus an Eilvéis
1945: Gabriela Mistral , file, an tSile
1944: Johannes Vilhelm Jensen , úrscéalaí, file, drámadóir agus scríbhneoir aistí, an Danmhairg
1943: Níor bronnadh
1942: Níor bronnadh
1941: Níor bronnadh
1940: Níor bronnadh
1939: Frans Eemil Sillanpää , úrscéalaí, An Fhionlainn
1938: Pearl S. Buck , úrscéalaí agus gearrscéalaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá
1937: Roger Martin du Gard , úrscéalaí, An Fhrainc
1936: Eugene O'Neill , drámadóir, Stáit Aontaithe Mheiriceá
1935: Níor bronnadh
1934: Luigi Pirandello , drámadóir agus úrscéalaí, An Iodáil
1933: Ivan Bunin , úrscéalaí, file agus gearrscéalaí, scríbhneoir ar deoraíocht ón Rúis
1932: John Galsworthy , úrscéalaí, Sasana
1931: Erik Aksel Karlfeldt , file, An tSualainn
1930: Sinclair Lewis , úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir, Stáit Aontaithe Mheiriceá
1929: Thomas Mann , úrscéalaí, gearrscéalaí agus aistí, An Ghearmáin
1928: Sigrid Undset , úrscéalaí, An Iorua
1927: Henri Bergson , fealsamh, An Fhrainc
1926: Grazia Deledda , file agus úrscéalaí, An Iodáil
1925: George Bernard Shaw , drámadóir agus criticeoir liteartha, Éire
1924: Władysław Reymont , úrscéalaí, An Pholainn
1923: William Butler Yeats , file, Éire
1922: Jacinto Benavente , drámadóir, An Spáinn
1921: Anatole France , úrscéalaí, gearrscéalaí, file agus criticeoir liteartha, An Fhrainc
1920: Knut Hamsun , úrscéalaí, An Iorua
1919: Carl Spitteler , file, An Eilvéis
1918: Níor bronnadh
1917: Henrik Pontoppidan , úrscéalaí, An Danmhairg; agus Karl Adolph Gjellerup , file, An Danmhairg
1916: Verner von Heidenstam , úrscéalaí agus file, An tSualainn
1915: Romain Rolland , úrscéalaí, drámadóir agus aistí, An Fhrainc
1914: Níor bronnadh
1913: Rabindranath Tagore , file, úrscéalaí, drámadóir, gearrscéalaí agus ceoltóir, An India
1912: Gerhart Hauptmann , drámadóir agus úrscéalaí, An Ghearmáin
1911: Maurice Maeterlinck , drámadóir, file agus aistí, An Bheilg
1910: Paul von Heyse , file, drámadóir, úrscéalaí agus gearrscéalaí, An Ghearmáin
1909: Selma Lagerlöf , úrscéalaí agus gearrscéalaí, An tSualainn
1908: Rudolf Christoph Eucken , fealsamh, An Ghearmáin
1907: Rudyard Kipling , úrscéalaí, gearrscéalaí agus file, An Ríocht Aontaithe
1906: Giosuè Carducci , file, An Iodáil
1905: Henryk Sienkiewicz , úrscéalaí, An Pholainn
1904: José Echegaray , drámadóir, An Spáinn; agus Frédéric Mistral , file agus focleolaí, An Fhrainc
1903: Bjørnstjerne Bjørnson , file, úrscéalaí agus drámadóir, An Iorua
1902: Theodor Mommsen , staraí agus dlíodóir, An Ghearmáin
1901: Sully Prudhomme , file agus aistí, An Fhrainc