From Wikipedia, the free encyclopedia
Staraí Gearmánach ab ea Christian Matthias Theodor Mommsen (1817 - 1903). Fathach de chuid an aois eagna sa naoú haois déag ab ea é.[1] Rinne a scoláireacht tairbhe don léann clasaiceach, don tseanstair, don tseandálaíocht agus don dlí (don dlí Rómhánach agus don dlí dá thréimhse féin araon). Tá an-tionchar ag cuid mhór dá obair sna réimsí sin fós.
Rugadh Mommsen ar an 30ú lá de Shamhain i nGarding sa Dhiúcacht Schleswig.
Rinne Mommsen staidéir ar an dlí i Kiel ó 1838 go dtí 1843 agus ina ollamh le stair Rómhánach i mBeirlín ar an ó 1861 go 1887.
Bhí Mommsen ina pholaiteoir náisiúnach liobrálach, a bhí go láidir in éadan réimeas Bismarck, an fhrith-Sheimíteachais agus na héilimh de chuid na Slavach gach uair ar tháinig siad salach ar leas lucht labhartha na Gearmáinise.
Bhí tionchar láidir ag a scoláireacht sa dlí ar an Bürgerliches Gesetzbuch, Cód Sibhialta na Gearmáine, a achtaíodh sa bhliain 1896 agus a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 1900.
Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Mommsen sa bhliain 1902, mar aitheantas ar a shárshaothar il-imleabhrach Römische Geschichte (Gaeilge: 'Stair Rómhánach').
Fuair Mommsen bás ar an 1ú lá de Shamhain i gCharlottenburg na Gearmáine.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.